Tell your friends!!
D’oscail an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin Éigse Ealaíon Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua Dé hAoine an 7 Deireadh Fómhair. Is é Cumann Ealaíne an Acadaimh, Subhóró a d’eagraigh an ócáid seo le deis labhartha a chur ar fáil do dhaoine atá fostaithe sna meáin Ghaeilge.
Bhí cuireadh tugtha do phainéal aoi chainteoirí ó earnáil na cumarsáide labhairt leis an slua ar an Aoine agus a gcuid saineolais a roinnt faoin dhúshláin agus deiseanna sna meáin.
Bhí Eimear Ní Chonaola; Nuacht TG4, Eibhlín Ní Chonghaile a chuireann an clár Iris Aniar I láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Lisa Madden; iar mhac léinn de chuid an Acadaimh agus atá anois I mbun oibre le Gaelchultúr i measc na gcainteoirí ag an ócáid Dé hAoine.
Bhí an scríbhneoir Ógie Ó Chéilleachair, as an Rinn Port Láirge ann freisin, múinteoir a bhfuil leabhar nua foilsithe aige den teideal ‘Cúpla’ atá dírithe ar dhéagóirí chomh maith le scríbhneoir na sraithe Corp & Anam ar TG4, Darach Mac Con Iomaire.
Labhair na haíonna faoina gcuid taithí ag an ollscoil, na cumainn a raibh siad páirteach iontu agus cén chaoi ar chuidigh a saol ollscoile poist a fháil.
Dúirt Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4, gur cheart do mhic léinn óga an lae inniu a bheith oscailte, fiosrach, ceisteach agus d’inis gur í sin a chomhairle a fuair sí féin ó Ollamh Dlí in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus í ag an ollscoil.
Bhí Róisín Ní Éalaí ag an éigse agus labhair sí ar dtús leis an gCoimisinéir Teanga agus luaigh na dúshláin don Ghaeilge mar theanga cumarsáide atá romhainn.
“Tá sé thar a bheith tábhachtach má tá daoine ag iarraidh dul ag obair i saol na cumarsáide go mbeidh Gaeilge den céad scoth acu, caithfidh said aird faoi leith a thabhairt a fhoghlaim na teanga, máistreacht a fháil ar an teanga é féin mar theanga cumarsáide, a bheith iomlán líofa sa teanga, ní cheart go mbeifeá ag súil go gheobhaidh duine post go hairithe craoltóireacht trí Gaeilge mura bhfuil togha na Gaeilge acu, ní bheidís ag súil go gheobhaidís post trí Bhéarla gan Béarla den chéad scoth acu, ní chreidim gur choir don riail bheith aon cheo difriúil I saol na Gaeilge. “
Dar leis an gCoimisinéir, níl líofacht bainte amach ag mórán don tír ina iomláine,
“Níl an córas oideachas ag tabhairt luach airgid dúinn, mar téann daoine tríd an córas oideachas ar feadh na blianta agus tagann siad amach gan líofacht sa teanga”
Dar leis an gcoimisinéir freisin, tá dúshláin an mhór romhainn maidir leis an nGaeilge, leis an straitéis 20 bhliain don Gaeilge ach go háirithe, go bhfuil gá dul I ngleic le sin go mbeidh líofacht I bhfad níos mó ag daoine agus iad ag fágáil na scoile.
Bhí mic léinn an cheathrú bhliain cumarsáide I láthair ag na hócáide agus is seo a leanas a bhí le rá ag triúr maidir leis an tairbhe a bhain siad amach as an oíche:
“Ba deireadh seachtaine den scoth a bhí ann idir na ceardlainne, ceoil agus go mór mhór na haoi chainteoirí ar oscail imeachtaí na deireadh seachtaine. Bhí deis againn mar mhic léinn labhairt le daoine ar éirigh leo sa ghnó agus mhuscail sé go leoir suim ionainn. Táim cinnte gur thug sé inspioráid dos na mic léinn chomh maith liom féin.” a deir Tomás Ó Riada, mac léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Is cosúil go ndeachaigh an méid a bhí le rá ag an scríbhneoir Darach Mac Con Iomaire i bhfeidhm ar Dháithí Ó Cinnéide, ó Bhaile Phámar, Contae Baile Átha Cliath. “Do bhain mé an-tairbhe ón oíche, caithfidh mé rá. Go deimhin, ba speisiúil an mhéid a bhí le rá ag na haoichainteoirí ar fad, ach is é Darrach Mac an Iomaire a chuaigh i bhfeidhm orm go mór mór. D’fhreagair sé cúpla ceist a bhí mé féin fiú á gcur maidir le hábhar nó dhó agus threisigh sé dom an tábhacht a bhaineann leis an gcesit “cén fáth?” i ngan fios dom, freisin!”
“Dúirt siad linn chun a bheith oscailte chuig aon rud a bhfuil curtha ós do comhar agus mura thaitin rud éigin leat, bí dírithe ar an rud a bhfuil do chroí ann. Go pearsanta féin d’fhoghlaim mé go bhfuil orm a bheith oscailte do gach rud i gcúrsaí meán, agus má déanaim mo chuid oibre rachaidh mé chuig an áit a ba mhaith liom. Gheobhaidh mé gach deis agus seans má táim oscailte agus ag iarraidh rudaí nua a thriail. Bain mé an sult as an deireadh seachtaine, bhí sé go hiontach ar fad.” a deir Samantha Ní Chonghaile, mac léinn an Acadaimh ón Mhuileann gCearr, Co na hIarmhí.