NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Abair le do chairde!!

 

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Cúrsaí Oideachais fadó agus inniu

 

Scoileanna na Ceathrún Rua mar a bhí agus mar atá

Síneann limistéir na Ceathrún Rua ó Dhroichead Chasla ar an taobh thoir go Béal an Daingin ar an taobh thiar aduaidh go Muiceanach idir Dhá Sháile ar an taobh thoir aduaidh, agus an cladach ag síneadh leis ó dheas. Ach síneann limistéir meánscolaíochta an cheantair i bhfad níos faide abhaile ná sin, siar go ceantar Leitir Mealláin, mar nach bhfuil ach an t-aon scoil dara leibhéal amháin sa gceantar mór fairsing sin, sin í Scoil Chuimsitheach Chiaráin atá suite ar Bhóthar an Chillín ar an gCeathrú Rua.

Méan oideachas mar a bhí

Cosúil le chuile Gairmscoil sa tír ba ar oideachas na ceardaíochta a bhí Gairmscoil na Ceathrún Rua dírithe, ach bhí rud amháin speisialta ag baint léi agus sé sin gurbh inti a bhíodh dháréag cailín ag fáil a n-oiliúint le dul ag obair in oifigí, den chuid is mó, i monarchana Ghaeltarra Éireann a bhí scaipthe ar fud na tíre. Dhá bhliain a bhíodh i gceist leis an gcúrsa, agus caití scrúdú iontrála a dhéanamh ina chomhair. Bhíodh cailíní as chuile Ghaeltacht imeasc an dáréag seo, faoi mar a bhíodh buachaillí as Gaeltachtaí uile na tíre ag freastal ar an gcúrsa printíseachta a bhíodh ann dóibhsean i nGairmscoil Cholmcille san hAille, agus bhíodh postanna le fáil acu seo sna monarchain chomh maith, agus a gcuid dírithe don chuid is mó ar dhearadh agus patrúin ‘textile’.
Ba í an Ghairmscoil seo, an fhoirgneamh ar a nglaoitear Áras Mháirtín Uí Cadhain sa lá atá inniu, foirgneamh de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge;  an t-aon scoil iarbhunoideachais a bhí san áit go dtí 1959, nuair a bunaíodh meánscoil ar an mbaile, ar iarratas ó Aire na Gaeltachta, Mícheál Ó Móráin, T.D., agus Ardeaspag Thuama An Dr. Seosamh Breathnach. Bhunaigh Ord na Trócaire, Coláiste Nanó Nógla san áit ina raibh an sean bhunscoil agus ba í an tSiúr Rita Ní Thuathail a bhí i gceannas, agus bhí beirt bhan rialta eile ag múineadh ina teannta.

Pictiúr a togadh i 1924 do Scoil na Ceathrún Rua
Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Sa mbliain 1966 a d’oscail Scoil Chuimsitheach Chiaráin, nuair a rinneadh comhnascadh idir an Ghairmscoil agus an Mheánscoil, agus ba é Piaras Ó Conaire a bhí mar phríomhoide sa nGairmscoil roimhe sin, an chéad Phríomhoide a bhí ar an Scoil Chuimsitheach. 268 dalta agus dáréag múinteoir a bhí inti bliain a h-oscailte. 295 dalta atá ag freastal uirthi i mbliana agus 28 múinteoir atá acu. An idir-bhliain atá acu sa Scoil Chuimsitheach an bhliain seo, agus á bhrí sin níl ach trí dhalta déag ag déanamh an Teastas Sinsir, iad seo ag déanamh an scrúdú in athuair.
Bhí Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua ar cheann do na chéad trí scoil dá gcineál a tógadh sa tír. Bhí ceann eile acu seo i mBaile na Sionainne i gCo. An Chláir, agus an ceann eile ar an Muinchille i gCo an Chabháin. Roimhe seo bhíodh na Gairmscoileanna dírithe isteach ar Cheardaíocht, ar nós adhmadóireacht agus miotalóireacht do na buachaillí agus cocaireacht do na cailíní, agus na meán scoileanna dírithe isteach ar chúrsaí liteartha. Meascadh an dá chineál ceirde le chéile don chéad uair sna Scoileanna Chuimsitheacha.

Na Scoileanna Náisiúnta

Sa mbliain 1879, rinneadh scoil náisiúnta ar an Tuairín agus is uirthi sin a thugtaí Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua (Cáit Ní Dhomhnaill,1983). Seo í an chéad scoil a bhí sa gceantar, agus ba in 1893 a hosclaíodh an Scoil Náisiúnta nua, agus bhí trí scoil istigh in aon fhoirgneamh amháin. Ba é Patrick Turbidy, seanathair an Réalt Teilifíse Ryan Turbidy Príomhoide Scoil na Buachaillí in 1900 agus bhí fear darbh ainm Patrick Cahalane ina chúntóir aige, agus 132 buachaill faoi na gcúram de réir rolla na scoile. Mary Glynn a bhí ar an bPríomhoide a bhí ar scoil na gCailíní, agus Mary Kelly ina cúntóir aice, agus 120 cailín a bhí faoina gcúram siúd; agus bhí dalta amháin i rang 6 ag an am a bhí 18 bliain. Bhí an tríú scoil ann freisin, b’shin í Scoil na Naíonán, agus 26 naíonán a bhí ag freastal uirthi. 191 dalta agus 12 mhúinteoir atá i Scoil Náisiúnta Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i mbliana, agus beidh siad ag cailleadh duine de na múinteoirí i mí Meán Fómhair. 73 dalta, 40 cailín agus 33 buachaill a bhí ar rolla scoile an Tuairín sa mbliain 1900. 7 múinteoirí atá ag teagasc an 76 dalta atá ag freastal ar Scoil Mhuire sa Tuairín don scoilbhliain seo 2010-2011.
Léiríonn rollaí na scoile gur feirmeoirí agus bádóirí a bhí sa chuid is mó de na tuismitheoirí. Ar na gairmeacha eile atá luaite tá fíodóirí, siúinéirí, siopadóirí agus múinteoirí. Seo é an méid a bhí le rá ag Maedhbh M. Nic Dhonnchadha in alt a scríobh sí faoi chúlra na bpáistí a bhí ag freastal ar scoileanna náisiúnta an cheantair ag tús na fichiú aoise.
Sa lae atá inniu ann dhá scoil náisiúnta atá i gceantar na Ceathrún Rua, ceann sa Tuairín agus ceann sa gCeathrú Rua. I mí Meán Fómhair 1956 a hosclaíodh Scoil Náisiúnta Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, agus osclaíodh scoil nua an Tuairín – Scoil Mhuire mar a baisteadh uirthi i 1965.
Bhí Mícheál Ó Nualláin ag múineadh i Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua ar feadh 48 bliain ó 1923 go dtí 1971, rud a chiallaíonn gur mhúin sé sa sean scoil náisiúnta a bhí suite san áit a bhfuil Coláiste Cholumba an lae inniu, áit atá tógtha ar láimh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus freisin sa Scoil Nua nó Scoil Náisiúnta Mhic Dara mar a thugtar uirthi. Bhí Risteárd Ó Maolchatha, An tAire Oideachais ag an am i láthair ag an oscailt oifigiúil, faoi mar a bhí Ceannaire an fhreasúra ag an am, Éamonn de Valera. Bhí Scoil Náisiúnta Mhic Dara ar cheann do na scoileanna ba nua-aimseartha dá h-am in 1956, agus ba inti a bhíodh na Drámaí á dhéanamh ag an gCumann Drámaíochta áitiúil agus Cumainn nach hé.

Scoil Mhic Dara inniu. An Múinteoir Catherine Ni Cheallaigh ag bronnadh seic ar Pheigí Uí h-Uiginn ó Ospidéal Páirc Mheirlinne. Bailíodh an t-airgead ag canadh ceaarúil.


Tá an t-eolas faoi na scoileanna náisiúnta mar a bhí, bunaithe ar alt a scríobh Maedhbh M Nic Dhonnchadha faoina ceantar dúchais, agus tá mé buíoch don Leabharlannaí Máiréad Uí Chatháin a dhírigh an treo ceart mé nuair a chuaigh mé ag lorg eolais san Leabharlann ar an gCeathrú Rua.

Eolas:
Cáit Ní Dhomhnaill, MA.,PhD, Léacht Oireachtais 1983
Maedhbh M. Nic Dhonnchadha, Pobal na Gaeltachta, Tag. 491.62