NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Abair le do chairde!!

 

 

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Siúl, siúl, siúl an Rua! (nó ar rothar)

Is leithinis í An Cheathrú Rua agus dá bharr sin áit  an-deas é le dul ag siúl. Ta cúig shiúlóid roghnaithe againn, ach tá na céadta bealaí siúlóide timpeall na Ceathrún Rua ach iad a roghnú ón léarscáil (féach thíos)
 
 

Siúlóid 1

Tosaigh sa sráidbhaile agus lean ort siar go dtí crosbhóthar na Ronna; lean bóthar na Ronna agus cas ar chlé ag an dara bóithrín, go cladach. Cas soir le cladach go dtí bóthar na Tismeána, téigh suas bóthar na Tismeána agus cas soir bóthar an Diméin. Cas suas bóthar an Chillín agus téigh ó thuaidh chuig an Sráidbhaile. Caithfear a bheith cúramach ag siúl le cladach agus mura bhfuil duine in éineacht leat tabhair leat fón póca ar fhaitíos timpiste. 8.6 km

 
 

Siúlóid 2

Tosaigh sa sráidbhaile agus siúl suas bóthar Dhoire Fheárta agus tóg an chéad chasadh ar chlé i dtreo an Óstáin. Lean ort an bóthar seo timpeall Chuileáin anuas chuig an sráidbhaile arís. Cas ar dheis i dtreo Chaladh Thaidhg agus cas ar chlé go dtí an Bóthar Buí. Cas ar chlé soir agus siúl leat go mbeidh tú ar ais ar an sráidbhaile arís. 6.1 km

   
 
   
 

Siúlóid 3

Tosaigh sa sráidbhaile agus cas síos Bóthar an Chillín go dtiocfaidh tú chuig Bóithrín an tSagairt, an chéad chasadh ar chlé. Lean ort soir agus siúl tríd an gCaorán Mór an Gleann Mór go dtiocfaidh tú chomh fada le céibh an tSrutháin. Ansin cas siar ar an bpríomhbhóthar isteach chuig an gCeathrú Rua. Beidh tú ar ais sa sráidbhaile arís. Ní hí seo an tsiúlóid is feiliúnaí do ghasúir mar nach bhfuil  aon chosán ar an bpríomhbhóthar. 5.9km.

   
 
   
 

Siúlóid 4

Siúl siar  an bealach ar fad go dtí Trá an Dóilín agus lean ort ó thuaidh le Cladach go dtiocfaidh tú chuig Céibh an Dóilín, lean an bóithrín soir agus tiocfaidh tú ar ais sa tsráidbhaile. Bí cúramach le Cladach agus má bhíonn tú leat féin  bíodh d’fhón póca agat. 6km

   
 
   
 

Siúlóid 5

Tosaigh sa sráidbhaile Sráidbhaile agus téigh síos Bóthar an Chillín thar an scoil agus tóg an chéad chasadh ar chlé suas Bóithrín an tSagairt. Lean ort díreach agus coinnigh ar chlé i dtosach agus ansin ar dheis ag dul i dtreo Thrá an Chaoráin Mhóir agus ansin téigh ó dheas le cladach ag siúl thar thrá Bharr a’ Doire, Trá an Chaoráin Bhig agus lean ort go dtí Céibh an Phoinnte. Tar aníos ansin ar an mbóthar agus siúil ar ais chuig an Sráidbhaile. Caithfear a bheith cúramach ag siúl le cladach agus mura bhfuil duine in éineacht leat bíodh d’fhón póca leat ar fhaitíos timpiste.

 

Bealaí Rothaíochta 1, 1b agus 1c

 
  1. An Cheathrú Rua – Leitir Mealláin agus ar ais 44km; 1a  An Cheathrú Rua – Cnoc
1b An Cheathrú Rua – Tír an Fhia
 

Bealach Rothaíochta 2

 
  2. An Cheathrú Rua – Muicineach – Leitir Mucú – Doire an Fhia – an Cheathrú Rua - 27km
 

Bealach Rothaíochta 3

 
  3. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Camas – Rosmuc agus ar ais 57km
 

Bealach Rothaíochta 4

 
  4. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Na Doireadha – Baile na h-Abhann – Ros a Mhíl – Doire an Fhia – An Cheathrú Rua 30km
 

Bealach Rothaíochta 5

 
  5. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Camas – Scríob – Crosbhóthar an Mháma ( Maam Cross) – An Mám 64km
 

Bealaí Rothaíochta - 6

 
  6. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Na Doireadha – Gleann ‘ch Muireann – Seanach Féistin – Uachtar Ard – Cros Bhóthar an Mháma (Maam Cross) – Scríob – Doire an Fhia – An Cheathrú Rua 73km. Tá  uimhir a 6 thar a bheith crua agus ní mholtar an bealach seo ach do Rothaithe fíor aclaí.

 


 

 

 

 

 










 

Léarscáil Bhealaigh


View Larger Map