Abair le do chairde!!
D’oscail an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin Éigse Ealaíon Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua Dé hAoine an 7 Deireadh Fómhair. Is é Cumann Ealaíne an Acadaimh, Subhóró a d’eagraigh an ócáid seo le deis labhartha a chur ar fáil do dhaoine atá fostaithe sna meáin Ghaeilge.
Bhí cuireadh tugtha do phainéal aoichainteoirí ó earnáil na cumarsáide labhairt leis an slua ar an Aoine agus a gcuid saineolais a roinnt faoin dhúshláin agus deiseanna sna meáin.
Bhí Eimear Ní Chonaola; Nuacht TG4, Eibhlín Ní Chonghaile a chuireann an clár Iris Aniar I láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Lisa Madden; iar mhac léinn de chuid an Acadaimh agus atá anois I mbun oibre le Gaelchultúr i measc na gcainteoirí ag an ócáid Dé hAoine.
Bhí an scríbhneoir Ógie Ó Chéilleachair, as an Rinn, Port Láirge ann freisin, múinteoir a bhfuil leabhar nua foilsithe aige den teideal ‘Cúpla’ atá dírithe ar dhéagóirí; chomh maith le scríbhneoir na sraithe Corp & Anam ar TG4, Darach Mac Con Iomaire.
Labhair na haíonna faoina dtaithí ag an ollscoil, na cumainn a raibh siad páirteach iontu agus cén chaoi ar chuidigh a saol ollscoile leo poist a fháil.
Dúirt Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4, gur cheart do mhic léinn óga an lae inniu a bheith oscailte, fiosrach, ceisteach, agus d’inis gurbh í sin an chomhairle a fuair sí féin ó Ollamh Dlí in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus í ag an ollscoil.
Bhí Róisín Ní Éalaí ag an éigse agus labhair sí ar dtús leis an gCoimisinéir Teanga agus luaigh na dúshláin don Ghaeilge mar theanga cumarsáide atá romhainn.
“Tá sé thar a bheith tábhachtach má tá daoine ag iarraidh dul ag obair i saol na cumarsáide go mbeidh Gaeilge den chéad scoth acu, caithfidh siad aird faoi leith a thabhairt ar fhoghlaim na teanga, máistreacht a fháil ar an teanga é féin mar theanga cumarsáide, a bheith iomlán líofa sa teanga. Ní cheart go mbeifeá ag súil go bhfaigheadh duine post, go háirithe craoltóireacht trí Ghaeilge mura bhfuil togha na Gaeilge acu. Ní bheidís ag súil go bhfaighidís post trí Bhéarla gan Béarla den chéad scoth a bheith acu, ní chreidim gur chóir don riail bheith aon cheo difriúil I saol na Gaeilge."
Dar leis an gCoimisinéir, níl líofacht bainte amach ag mórán sa tír.
“Níl an córas oideachais ag tabhairt luach airgid dúinn, mar téann daoine tríd an gcóras oideachais ar feadh na mblianta agus tagann siad amach gan líofacht sa teanga.”
Dar leis an gcoimisinéir freisin, tá dúshláin an-mhór romhainn maidir leis an nGaeilge, leis an straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ach go háirithe, go bhfuil gá dul I ngleic leis sin go mbeidh líofacht i bhfad níos mó ag daoine agus iad ag fágáil na scoile.
Bhí mic léinn na ceathrú bliana ag tabhairt an-éisteacht don mhéid a bhí le rá ag na cainteoirí agus iad ag faire ar a ndeiseanna fostaíochta don bhliain seo chugainn. Is seo a leanas a bhí le rá ag triúr maidir leis an tairbhe a bhain siad as an oíche:
“Ba dheireadh seachtaine den scoth a bhí ann idir na ceardlanna, ceol agus go mór mhór na haoichainteoirí a d’oscail imeachtaí an deireadh seachtaine. Bhí deis againn mar mhic léinn labhairt le daoine ar éirigh leo sa ghnó agus mhúscail sé go leor suime ionainn. Táim cinnte gur thug sé spreagadh do na mic léinn chomh maith liom féin,” a dúirt Tomás Ó Riada.
Is cosúil go ndeachaigh an méid a bhí le rá ag an scríbhneoir Darach Mac Con Iomaire i bhfeidhm ar Dháithí Ó Cinnéide, ó Bhaile Phámair, Contae Bhaile Átha Cliath. “Do bhain mé an-tairbhe as an oíche, caithfidh mé rá. Go deimhin, ba spéisiúil an méid a bhí le rá ag na haoichainteoirí ar fad, ach is é Darach Mac Con Iomaire a chuaigh i bhfeidhm orm go mór mór. D’fhreagair sé cúpla ceist a bhí mé féin de chur maidir le hábhar nó dhó agus threisigh sé dom an tábhacht a bhaineann leis an gceist “cén fáth?” i ngan fhios dom, freisin!”
“Dúirt siad linn a bheith oscailte d’aon rud a chuirtear os do chomhair agus a bheith dírithe ar an rud a bhfuil do chroí ann. Go pearsanta dom féin d’fhoghlaim mé go bhfuil orm a bheith oscailte do gach rud i gcúrsaí na meán, agus má dhéanaim mo chuid oibre, go n-éireoidh liom. Gheobhaidh mé gach deis má táim oscailte agus ag iarraidh rudaí nua a thriail. Bhain mé an-sult as an deireadh seachtaine, bhí sé go hiontach ar fad,” a deir Samantha Ní Chonghaile, mac léinn ón Muileann gCearr, Co. na hIarmhí.