NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Abair le do chairde!!

 

 

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Mí-ádh ar na mná

Ar Chúl:  Sonny Ní Chathasaigh, Emer Ní Dhomhnail, Marie Ní Ghairbhín, Áine Ní Chualáin, Eimear Ní Cheallaigh, Orlaith Ní Chonaighla, Fionnuala DeBhailís, Susanne Ní Chualáin, Ashling Ní Fhlatharta, Síofra Ní Shea, Saoirse Ní Chualáin, Clíodhna Ní Loideáín. Chun Tosaigh:- Muireann Ní Lorcáin, Caoimhe Ní Conchubhair, Roisín Ní Neachtain, Sinéad DeBhailís, Eibhlín Nic Donnacha, Sadhbh Ní Loideáin, Katie Ní Neachtain, Aideen Breathnach, Shona Ni Shúilleabháin, Niamh Ní Chonchubhair, Ciara Nic Donnacha, Sasha Nic Donnacha. As lathair:  Siobhan Ni Shúilleabháin agus Aisling Ní Fhlatharta.

An Fhairche 3-6  An Cheathrú Rua 2-6

Buaileadh foireann na Ceathrún Rua ar chlár na scór sa chluiche ceannais  faoi 16 in aghaidh na Fairche ach buaileadh iad le gortú chomh maith sa chéad leath nuair ab éigean dá sárimreoir, Katie Ní Neachtain, imeacht de Pháirc Peile an Phiarsaigh, Ros Muc. 

Ba í an Cheathrú Rua togha na rogha don chluiche seo agus an ceann is fearr faighte acu in aghaidh an fhreasúra chéanna níos luaithe sa bhliain i gcluiche sraithe. Ach d’imigh aon dallamullóg le gaoth nuair a scóráil an Fhairche cúl agus pointe gan aon fhreagra sa chéad seacht nóiméad. Ba í Aoibhinn Seoige ón bhfreasúra a rinne an damáiste ba mhó.


Ach diaidh ar ndiaidh fuair leithéidí Niamh Ní Chonchubhair ceannas i lár páirce agus faoin 13ú noiméad bhí na foirne ar chomhscór ag 1-3. Fuair Katie Ní Neachtain 1-2 agus fuair Niamh an pointe eile.

Ach ansin gortaíodh Katie go deireanach sa chéad leath agus b’éigean di imeacht. Thapaigh mná na Fairche an deis seo go maith agus scoráil siad dhá chúl eile. Ag leath-am bhí siad 3-3 in aghaidh 1-3 do chailíní an Rua.


Níor chlis ar mhisneach na Ceathrún Rua áfach agus go luath sa dara leath bhí pointe ag Caoimhe Ní Chonchubhair agus cúl tar éis cic pionóis nuair a leagadh Róisín Ní Neachtain sa chúigiú noiméad déag. Scóráil Niamh Ní Chonchubhair ón spota. 3-5 in aghaidh 2-5 a bhí an scór ansin. 


Ach pé iarracht a rinne cailíní na Ceathrún Rua ní raibh siad in ann an farasbarr a chealú. Cuireadh Katie Ní Neachtain ar ais ar an bpáirc in ainneoin a gortaithe, fiú, féachaint an bhearna a laghdú. Ach níor éirigh leis an gcailín a rinne gaisce sa chluiche leathcheannais nuair a scóráil sí 3-3 an rud céanna a dhéanamh i Ros Muc. Chríochnaigh an cluiche gan ach pointe eile aimsithe ag an dá thaobh.

Cúis díomá mar sin do chailíní na Ceathrún Rua.  Tá sé chluiche ceannais bainte amach acu le trí bhliana anuas agus gan ach craobh amháin buaite acu: an cluiche ceannais sraithe i mbliana. Ach dar lena mbainisteoir Micheál Phetie Mac Donncha, taispeánann na sé chluiche ceannais sin go bhfuil an mianach iontu. “Beidh fós deichniúr de na cailíní faoi aois an chéad séasúr eile,” a duirt sé. Tá muintir na Ceathrún Rua ag súil nach fada uathu an gradam atá tuillte acu.