Abair le do chairde!!
Ag oscailt oifigiúil Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua, Co na Gaillimhe, Dé hAoine bhí An tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, a rinne an oscailt, taobh thiar de ghrúpa páistí atá ag freastal ar an Ionad. Pic: Seán Ó Mainnín |
“Tá an Ghaeilge in úsáid go láidir mar theanga an phobail ar an gCeathrú Rua agus teastaíonn forbairtí den chineál seo le go mbeidh an teanga á cosaint agus á neartú i gcónaí” |
An tAire Donnchadh Mac Fhionnlaoich |
Agus é ag caint ag oscailt oifigiúil an Ionaid Chúram Leanaí ar an gCeathrú Rua dé hAoine 30 Samhain, dúirt Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil ról fíorthábhachtach ag ionaid den chineál seo chun tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do na teaghlaigh sin atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó gur mhaith leo a gclann a thógáil le Gaeilge. “Tá béim curtha sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus tá na seirbhísí tacaíochtaí teaghlaigh a bheidh ar fáil san Ionad seo lárnach sa phróiseas sin,” a dúirt an tAire Tá seirbhísí Naíonra, Naíolainne agus Iar-scoile i gceist don Ionad nua, i measc gníomhaíochtaí teangalárnaithe eile, agus dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air go raibh a Roinn féin in ann cúnamh a chur ar fáil don choiste chun an áis a fhorbairt. “Tá an Ghaeilge in úsáid go láidir mar theanga an phobail ar an gCeathrú Rua agus teastaíonn forbairtí den chineál seo le go mbeidh an teanga á cosaint agus á neartú i gcónaí,” a dúirt an tAire Stáit. Thug sé moladh don choiste atá taobh thiar den Ionad nua, agus go háirithe don obair atá ar siúl ann faoi láthair ar mhaithe leis an bpobal áitiúil. Ghlac sé buíochas le hÚdarás na Gaeltachta a chuir an foirgneamh ar fáil ar léas agus a chuidigh leis na hoibreacha tógála. |
Ag oscailt oifigiúil Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua, Co na Gaillimhe bhí, ó chlé: An Comhairleoir Cathrach Catherine Connolly; Stiofán Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh; An tAthair Ciarán Blake, Sagart Paróiste na Ceathrún Rua; An Comhairleoir Condae Seosamh Ó Laoi; An Teachta Dála Seán Kyne; An tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich, a rinne an oscailt; Máiréad Mac Con Iomaire, Bainisteoir Chomhar Naíonraí na Gaeltachta Teo.; Máire Uí Fhlatharta, Bainisteoir Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua; Dairíona Nic An Iomaire, Comhalta ar Bhord Údarás na Gaeltachta,;Sorcha Ní Chéilleachair, Rúnaí Choiste Tacaíochta an Ionaid; Tina Uí Fhlatharta, Cisteoir Choiste Tacaíochta an Ionaid. Taobh Thiar: Tomás Mac Con Iomaire, Cathaoirleach Choiste Tacaíochta an Ionaid; An Comhairleoir Contae Seán Ó Tuairisg; agus Seán Mac Donncha, ball de choiste stiúrtha an Ionaid. Pic: Seán Ó Mainnín. |
Foilsithe: 3 Nollaig 2012