NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Cuireadh chuig ócáid líonrú Destination Connemara

DESTINATION CONNEMARA
‘Connemara Wild at Heart’, Turasóireacht Chonamara agus Comhlachas Tráchtála Chonamara

Cuireadh chuig ócáid líonrú Destination Connemara

Aidhm
Tugtar cuireadh duit a bheith i láthair ag ócáid líonrú do sholáthróirí turasóireachta agus grúpaí pobail lonnaithe i gConamara. Tabharfaidh an ócáid seo deis duit aithne a chur ar ghnóthaí eile agus ar tionscnaimh pobail, ag cruthú líonra turasóireachta do chuairteoirí a mheallfaidh cuairteoirí nua go Conamara i 2015 agus 2016. Leanann an ócáid seo imeachtaí rathúla eile, an teacht le chéile a tharla i Mainistir na Coille Móire in 2010 san áireamh, áit ar tháinig 160 againn le chéile le dtús a chur le beartas chun oibriú le chéile. Tabharfaidh an seisiún líonrú éascaithe seo deis duit bualadh le soláthróirí turasóireachta eile le go mbeidh sibh in ann socruithe a dhéanamh oibriú as lámh a chéile in 2015/2016. Cuirfear tacaíocht ar fáil i ndiaidh na hócáide, ag cinntiú go leanfar le agus go gcuirfear chun cinn aon cheangaltas a dhéantar ag an ócáid.
Sonraí

Dáta: Déardaoin 5 Márta
Ionad: Óstán an Connemara Coast

9.30r.n:  Clárú agus sólaistí
10.00r.n: Fáilte agus Cur in Aithne
10.15r.n:  Cur i láthair le Fiona Candon
11.00r.n:  Seisiún lionrú, treoraithe ag Fiona
1.30i.n:  Cruthú gréasán soláthróirí & banc eolais teagmhailí
2.00i.n:  Críoch

Clárú
Téigh i dteagmháil le Karen Curry, First Western T: 071 91 65973; R: karen@firstwestern.ie roimh Dé hAoine 27 Feabhra, 2015


Is féidir aon bróisiúir/ábhar margaíochta nó seastán a thabhairt leat chuig an ócáid.

Tá Comhairle Contae na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta ag tacú leis an tionscnamh seo.