NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Lá Cuimhneachán do John Behan

“De Ting”
Lá Cuimhneachán do John Behan

Ar an 4ú Deire Fómhair 2015, tá clann John Behan ag eagrú Lá mór Rothaíochta agus Siúl i gCuimhne John.

Rothaíocht 160 km
Tosaíonn an lá ag 8.00 r.n. – áit go mbeidh Rothaíocht 160km. Beidh na Rothaithe ag fágáil na Ceathrún Rua ag dul go Scríob, an Teach Dóíte ( Maam Cross ), An Clochán, Leitir Fraic, An Lionáin, An Teach Dóíte agus ar ais don Cheathrú Rua. Beidh costas do €20 le h-aghaidh páirt a ghlacadh sa turas seo.

Rothaíocht 80km
Beidh an dara cúrsa ag tosaí ag 11.00 r.n.  Sa gcás seo beidh na Rothaithe ag dul 80km ón gCeathrú Rua -  Scríób – An Teach Dóite – An Sraith Salach – Bóthar na Scrathóíg go Rosmuc – Scríob – An Cheathrú Rua. Beidh costas do €20 ar an Rothaíocht seo freisin.

Rothaíocht do Ghasúir agus Ritheacht/ Siúl / Siúl le Buggy -10km
Is ag a 11.00 r.n. a thosóidh an cúrsa seo freisin. Beidh na rannpháirtithe ag dul soir   An Sruthán – Cladhnach – Gleann an Fhir Mhairbh – Doire Fheárta Beag – Doire Fheárta Mór – An Cheathrú Rua.
Beidh deis síntúis a thabhairt ar an lá.

Aon airgead a bhailítear tiocfaidh sé chun tairbhe do Óige na h-Áite ( An Club Dornálaíocht agus Ionad Spraoi na Ceathrún Rua ).

Is é an fáth go bhfuil “ De Ting” tugtha ar an Ócáid ná – Dá mbeadh Rothaíocht mór fada crua ar intinn ag John, théífeadh sé isteach ag Nigel Forde ( Nigel’s Cycles) agus deirfeadh sé “ I have an Aul Ting coming up”.

Tugaigí chuile thacaíocht don Ócáid.