Na scéalta is déanaí ó nuachtlitir an tSagairt.
Paróiste an Chillín, Gharmna agus Leitir Mealláin
An tAthair Ciarán de Bláca,
Séipéal Mhic Dara,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe
Fón: 091 - 595452
Ríomhphost: blake.ciaran@gmail.com
|
13 Eanáir : Fógraí na Seachtaine
Scrioptúir Dé Domhnaigh seo chugainn:
Coirintigh -- 12:4-11 Salm 95: 1-3,7-10 Eoin 2: 1-11
Tugtar foilsiú an Spioraid do chuile dhuine faoi leith ar mhaithe leis an bpobal go léir.
Freastalaithe Aifrinn 13 - 20 Mí Eanáir
Aisling Ní Shé, Marc Ó Sé, Dara Ó Sé & Shona Ní Shé.
€860.60 a bhailigh daltaí Scoil Mhic Dara ag casadh carúil Nollag thart ar an gCeathrú Rua ar an 21ú Nollaig ar mhaithe leis na Samaritans. Ár mbuíochas. Go bhfága Dia an tsláinte agaibh.
Suíochán Nua don Séipéal.
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil ceann ordaithe acu glaoch ar Monique san oifig le cinntiú go bhfuil an teolas a bheidhs ag dul ar na suíochán cruinn. Is féidir glaoch uirthi ón 9.30r.n. - 1.00 i.n. Luan-Aoine.
Cúntóirí ag Teastáil i gConnemara go leir
Ar mhaith leat aire a thabhairt do dhaoine sinsireacha ina dtithe féin? Postanna páirt-aimseartha ar fáil, m.sh: istóiche, ag deire seachtaine, cupla uair a’ chloig i rith an lae, agus ar eile. Cúir glaoch ar Home Instead Senior Care: (091) 384 170.
Beidh an tAth. Ciarán ar saoire go dtí an 18ú Eanair. Beidh an tAth. Pádraig ar fáil má theastaíonn sé.
Cuirfidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge tús le Ranganna Oíche
Ríomhaireachta do Dhaoine Fásta (ranganna do Thosaitheoirí) ar an gCeathrú Rua go luath. Má tá suim agat foghlaim faoi Próiseáil Focal agus An tIdirlíon cuir glaoch ar an oifig ag (091) 595101. Beidh cáilíocht idirnáisiúnta Microsoft Office Specialist i Microsoft Word ag rannpháirtithe a éiríonn leo ag deireadh na ranganna. Má tá taithí ríomhaireachta agat, má tá an ECDL bainte amach agus ba mhaith leat cáilíochtaí idirnáisiúnta Microsoft Office Specialist a bhaint amach i Microsoft Word, in Excel agus i PowerPoint, cuir glaoch ar an oifig ag (091) 595101. Cuirfear tús le ranganna go luath.
|