NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Bua Stairiúil Rugbaí

Foireann bhuacach Scoil Chuimsitheach Chiaráin tar éis cluiche ceannais Chraobh Chonnachta a thabhairt leo. Pictiúir: Neasa Mhic Dhonncha
 

An chéad fhoireann Gaeltachta a bhfuil an éacht seo bainte amach acu

 

Seosamh Mac Donnacha, Laoch na hImeartha

 
Bhí bua stairiúil ag foireann shóisir rugbaí Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCéadaoin, 28 Samhain 2012 i mBéal Átha hAmhnais nuair a bhuaigh siad Craobh Chonnachta.  Is iad an chéad fhoireann Gaeltachta iad a bhfuil an éacht seo bainte amach acu.

Bhuail siad Coláiste Naomh Mhuireadaigh, Béal an Átha 12-5 an lá sin. Bhí foireann mhór láidir ag Maigh Eo ach d’éirigh le leaids SCC an ceann is fearr a fháil orthu.

Bhí tús iontach ag SCC nuair a fuair Paudie Mac Cormaic úd nó try den scoth tar éis 90 soicind agus chuir Colm de Buitléir an cic slánaithe thar na trasnáin. Ar an seachtú nóiméad fuair Cilín Ó Gríofa an dara úd do SCC.

Fuair Béal an Átha úd sa cúigiú nóiméad déag, rud a d’fhág an scór 12-5 ag leath ama. Ní raibh aon scór sa dara leath ach bhí trí oiread an díograis ar na himreoirí ar fad. Bronnadh an cupán ar Chian Ó Cuinn, Captaen SCC. Ba é Seosamh Mac Donnacha, Laoch na hImeartha.

Siad Cian de Buitléir agus Micheál Ó Dómhnaill ó Chumann Rugbaí na Gaeltachta a bhíonn ag traenáil foirne rugbaí SCC.
 
 
 
 
 
 
 

Foilsithe: 19 Nollaig 2012