Abair le do chairde!!
Na hamhránaithe carúil ó Scoil Mhic Dara ag canadh i lár bhaile na Ceathrún Rua, Dé hAoine seo caite (21 Nollaig) |
Glór aoibhinn scoláirí Scoil Mhic Dara le cloisteáil i lár an bhaile |
Ag canadh taobh amuigh de shiopaí agus áiteanna ghnó |
Pictiúir le Seán Ó Mainnín. Cliceál anseo chun breathnú ar fhíseán |
Lean Scoil Mhic Dara le ceann de na nósanna Nollag is deise nuair a chuaigh lucht ranganna a haon go dtí a sé amach go lár an bhaile agus d'ardaigh a nglórtha os comhar an tsaoil le carúil áilne, spreagúla. Ní raibh fada le dul go dtí an chéad stop - siopa Tí Josie trasna an bhóthair ón scoil. Is ansin a shocraigh na múinteoirí agus daltaí iad féin agus a gcuid bileogaí ceoil. Shín bailitheoirí níos sine anonn is anall ar thaobh an bhóthair le hairgead a fháil ó na tiománaithe agus na coisithe a bhí tógtha leis an taispeántas. Ba ar son na Samárach an bailiúchán airgid i mbliana. Is go híseal, cúthaileach a thosaigh an canadh, gan misneach ag an mórmhór ag an tús. Ach le spreagadh ó na múinteoirí, Giolliosa Ui Lorcáin agus Máirtín Breathnach a bhí ag ceol, Muiris Mac Gearailt, Mary Lynch, Katherine Kelly, Olivia Ni Loingsigh, Ann Marie Ni Chualain, tháinig an misneach. Faoin dara carúl bhí an t-aer lán le glórtha na bpáistí. Bhí craic ann fiú agus damhsa le rogha na gcarúl, "Bualadh Clog" agus Daidí na Nollag ag teacht chun baile. Bhog an grúpa ar aghaidh chun tí Tommy Walsh agus thug píosa amhránaíochta uathu a chuir na custaiméirí a bhí ag siúl amach agus isteach faoi dhraíocht. An rud céanna ag Tí Mhicí agus taobh amuigh den cogaslann. Mar chéad chomhartha den Nollaig ar an mbaile thug scoláirí Scoil Mhic Dara tús le Nollaig shona lena gcuid amhránaíochta. |
Foilsithe: 27 Nollaig 2012