Abair le do chairde!!
Bhailigh CLG An Cheathrú Rua €3,250 le Snámh Urraithe, Lá Nollag ar Thrá an Dóilín. Léim leathchéad duine in éindí isteach san uisce ag meán lae Lá Nollag. B’iontach go deo an radharc é. Bailíodh €3,250 ar mhaithe le hIonad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua. Tá an snámh urraithe seo eagraithe ag CLG An Cheathrú Rua le roinnt blianta anuas agus tugtar an t-airgead do charthanacht áitiúil gach bliain. Rachaidh an t-airgead i mbliana chun sochair don Ionad Cúram Leanaí áitiúil, agus cá bhfios nach bhfuil peileadóirí contae na todhchaí ag freastal ar an Ionad sin faoi láthair!
Foilsithe: 15 Eanáir 2013