NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Paráid Lá Fhéile Pádraig

Buachall óg i ngrúpa Leitir Mealláin ar an bparáid. 
 

Ba é lá na bpáistí é dáiríre agus iad feistithe go hálainn i nglas agus buí - iad mar leipreacháin nó seanfhir le féasógaí oráiste

 

Pictiúir ar fad le feiceáil ar www.seanomainnin.com

 

Tharla ócáid ildaite péacach arís ar an gCeathrú Rua, an Domhnach seo caite (17 Márta) nuair a eagraíodh paráid mhór Lá Fhéile Phádraig. Tháinig na sluaite amach chun a fheiceáil agus cé nach raibh an méad céanna taispeántas ar an mbóthar ná sna blianta roimhe bhí caighdeán na dtaispeántas úd an-mhaith ar fad. Deascéal eile nár gur choinnigh an aimsir go maith seachas cúpla nóiméad nuair a d'fhill an paráid ar an mbaile. Ach níorbh a dhóthain í chun aon rud a loit.

Bhí an fáisceadh eacnamaíochta mar théama ag cuid de na taispeántais agus ceann nua i mbliana ná feoil chapaill. Bhí "burger van" ag díol earraí feola a mbeadh amhras faoin ndúchas.  Ach ba lá na bpáistí é dáiríre agus iad feistithe go hálainn i nglas agus buí - iad mar leipreacháin nó seanfhir le féasógaí oráiste. 

Thosaigh an Paráid ar Bhóthar a Chillín agus suas Bóthar Buí go dtí casadh i dtreo Chaladh Thadhg. Cuireadh fáilte roimh gach duine ansin taobh amuigh de Halla Éinne, áit a raibh stáitse speisialta le haghaidh ceoil, damhsa agus bronnadh duaiseanna don taispeántas is fearr ar an lá.

 

 
 
 
 
 

Foilsithe: 18 Márta 2013