Bainisteoir agus foireann chailíní faoi 17 na Ceathrún Rua: Ar gcúl ó chlé go deas: Enda Ó Conghaile, Cliona Ní Loideáin, Aisling Ní Fhatharta, Caitríona Ní Chualáin, Eimear Ní Cheallaigh, Síofra Ní Shé. Chun tosaigh: Eibhlín Ní Dhonncha, Caoimhe Ní Chonchubhair, Katie Ní Neachtain, Suzanne Ní Chualáin, Fionnuala de Bhailís. Pic: Seán Ó Mainnín
|
An bua ag Naomh Anna Leitir Móir i gcluiche ceannais na mbuachaillí
Jade Ní Dhómhnaill, Naomh Mhuire, imreoir an chomórtais do na cailíní
Beartla Ó Loinsigh as Naomh Anna, imreoir an Chomórtais do na buachaillí
Féach tuilleadh pictiúr thíos
13/4/2013: Rinne cailíní foireann 7 a taobh Na Ceathrún Rua gaisce a bhaint amach nuair a d'éirigh leo dul tríd go dtí an cluiche ceannais i gComórtas Peile na Gaeltachta Faoi 17. Ach sa deireadh agus in ainneoin tréaniarrachta na foirne gheill siad do chumas fhoireann Naomh Mhuire ó Dhún na nGall. D’éirigh le Naomh Anna Leitirmóir an craobh chomórtas a bhaint i rannóg na mbuachall . I gcomórtas na gcailíní ba iad Naomh Mhuire as Dún na nGall a fuair an lámh in uachtar ar fhoireann na Ceathrún Rua.
Bhí lúcháir mhór ar bhuachaillí Naomh Anna nuair a shéid an réiteoir a fheadóg ag deireadh an chluiche ceannais ar Pháirc Ros a Mhíl agus iad tar éis an lámh is fearr a fháil ar Na Breathnaig as Indreabhán. Agus bhí an gradam tuillte acu mar d’imir siad go cumasach agus go cruinn lena n-iarrachtaí scórála. Ba é Beartla Ó Loinsigh do na buaiteoirí a rinne gaisce an cluiche ar fad agus gradam laoch an chomórtais féin bronnta air i ndiaidh an chomórtais. I gcomórtas na gcailíní rinne An Cheathrú Rua a dícheall in aghaidh Naomh Anna, ach níor éirigh leo agus threisigh na tuaisceartaigh de réir ma r a chuala an cluiche ar aghaidh. Ba í Jade Ní Dhómhnaill, Naomh Mhuire, imreoir an chomórtais do na cailíní.
Don 6 Bliain as a chéile bhí Comórtas Peile Faoi 17, 7 a’ taobh na Gaeltachtaí ar siúl I gceantar Ghaeltachta na Gaillimhe ar an Satharn 13ú Aibreán 2013. Is comórtas é seo do dhaoine óga as na ceantair Gaeltachta a theacht le chéile chun Comórtas peile a imirt agus ansin oíche siamsaíochta a bheith acu i dteannta a chéile. Is iad Scéim Oiliúna CLG na Gaillimhe agus Óige na Gaeltachta a eagraíonn an Comórtas seo le tacaíocht ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus comhlachtaí áitiúla.
I mbliana d’fhreastail cheithre fhoireann déag ar an gcomórtas agus ina measc sin bhí foirne cailíní agus buachaillí as ceantar Gaeltachta na Gaillimhe, Béal Feirste, Gaoth Dobhar agus foirne Naomh Mhuire as Tír Chonaill.
Bhí na réamhbhabhtaí ar siúl ar maidin Dé Sathairn ar dhá pháirc i ndeisceart Chonamara, Co na Gaillimhe An Cheathrú Rua agus Páirc Micheál Breathnach. Chuaigh dhá foireann buachaillí agus dhá fhoireann cailíní as na réamhbhabhtaí, ar aghaidh chuig na babhtaí leathcheannais a bhí ar siúl i bpáirc Ros a Mhíl tráthnóna De Sathairn.
I ngrúpa na mbuachaillí bhí an bua ag foireann Micheál Breathnach agus foireann Naomh Anna, Leitir Móir ar pháirc Micheál Breathnach, agus i ngrúpa na gcailíní ba iad foirne Naomh Anna Leitir Móir agus Micheál Breathnach a chuaigh ar aghaidh chuig na babhtaí leathcheannais.
As na foirne a ghlac páirt ins na reamh bhabhtaí a bhí ar pháirc An Cheathrú Rua, is iad An Cheathrú Rua agus Maigh Cuilinn as grúpa na mbuachaillí agus foirne Naomh Muire agus An Cheathrú Rua as grúpa na gcailíní a chuaigh ar aghaidh chuig na bhabhtaí leath cheannais.
I gcomórtas na gcailíní d’éirigh le Naomh Muire an lámh in uachtar a fháil ar Micheál Breathnach na Gaillimhe sa chéad chluiche leathcheannais agus bhuaigh An Cheathrú Rua ar chailíní Naomh Anna Leitir Móir sa dara cluiche leathcheannais.
I gcomórtas na mbuachaillí d’éirigh le foireann Micheál Breathnach an láimh in uachtar a bheith acu ar bhuachaillí An Cheathrú Rua sa chéad cluiche leath cheannais agus D’éirigh le Naomh Ann Leitir Móir an Láimh in uachtar a fháil ar bhuachaillí Maigh Cuilinn.
Imríodh an cluiche ceannais idir Naomh Mhuire (Tír Chonnaill) agus cailíní An Cheathrú Rua, agus tar eis coimhlint chrua bhí an bua ag Naomh Mhuire leis an scór 5-06 in aghaidh 2-04. Ba é seo an chead uair a ghlac foireann Naomh Mhuire páirt sa gcomórtas agus bhí siad thar a bheith sásta leo fhéin tar eis an craobh a bhuachan.
Bhí cluiche ceannais na mbuachaillí idir Micheál Breathnach agus Naomh Anna ar siúl ag 6:30, agus arís bhí coimhlint bhreá idir an dá fhoireann agus ag an fheadóg deiridh bhí an bua ag buachaillí Naomh Anna leis an scór Naomh Anna 2-11 - Micheál Breathnach 3-03.
I ndiaidh na gcomórtas bhí béile agus oíche siamsaíochta ar fáil do na foirne ar fad a ghlac páirt i Hall Pobail Cois Cuain, agus ba é Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D a bhronn an coirn agus boinn ar na foirne a bhua.
Ba í Jade Ní Dhomhnaill as Naomh Mhuire, imreoir an chomórtais do na cailíní agus Bearthla Ó Loinsigh as Naomh Anna, imreoir an Chomórtais do na buachaillí. |