Abair le do chairde!!
Tabharfar léargas ar obair na heagraíochta ag an gcruinniú agus déanfar plé ar thograí don bhliain 2013/2014. Tá fáilte mhór roimh chách.
Is cúis mhór áthais dúinn a fhógairt go bhfuil an eagraíocht le ceardlanna sa phleanáil teanga a reáchtáil do thuismitheoirí agus le feachtas eolais a chur ar bun i gceantar Gaeltachta Chonamara.
Déanfar plé ag na ceardlanna seo ar fhadhbanna na dteaghlach Ghaeltachta agus ar na dúshláin is mó atá ós a gcomhair agus gasúir á dtógáil le Gaeilge sa nGaeltacht. Foilseofar agus scaipfear bileog eolais bunaithe ar na ceisteanna is mó a bheidh faoi chaibidil agus tá sé i gceist eolas breise a fhoilsiú ar shuíomh idirlín atá á fhorbairt faoi láthair.
Beidh beirt de na pleanálaithe teanga is mó a bhíonn ag plé le ceist na Gaeilge páirteach sna ceardlanna seo agus tá cuireadh oscailte á thabhairt ag an eagraíocht do thuismitheoirí nó dreamanna eile gur suim leo an cheist, páirt a ghlacadh sa phróiseas.
Seo éileamh a bhí ag baill na heagraíochta ó cuireadh ar bun í – sé sin tacaíocht phraiticiúil a chur ar fáil ag leibhéal an phobail agus go mbeadh teacht ag teaghlaigh go héasca ar eolas a bheadh ina chúnamh dóibh.
‘Siad Foras na Gaeilge a cheadaigh an deontas leis an togra seo a mhaoiniú. Tá maoiniú faighte ag an eagraíocht freisin ón eagraíocht Rith 2012 le himeachtaí do dhéagóirí a reáchtáil.
Ba bhreá linn sibh a fheiceáil agus bhur dtuairimí a chloisteáil - bí linn Dé Luain 20 Bealtaine @ 8!!
Foilsithe: 15 Bealtaine 2013