NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Ciarán de Bláca 25 bliain ina shagart

An tAthair de Bláca le páisti a rinne a gCéad Chomaoineach i Séipéal Mhic Dara cúpla seachtain ó shin. In aice leis an Athair de Bláca tá an múinteoir Máírtín Breathnach
 

'Tá aithne ag chuile dhuine ar an Athair Ciarán agus é ag comhlíonadh a dhualgaisí eaglasta agus pobail. Ní leasc dó riamh teacht i gcabhair ar aon duine ag tabhairt comhairle nó tacaíochta dóibh. '

 
Tuilleadh pictiúr ó Chomaoineach na Ceathrún Rua le feiceáil anseo (is féidir an pasfhocal a lorg anseo)
 
 
Beidh paróiste an Chillín, Gharumna agus Leitir Mealláin ag ceiliúradh 25 bliain Ciarán de Bláca mar shagairt - 12 Meitheamh 1988 - 12 Meitheamh 2013

Ar ndóigh tá aithne ag chuile dhuine ar an Athair Ciarán agus é ag comhlíonadh a dhualgaisí eaglasta agus pobail. Ní leasc dó riamh teacht i gcabhair ar aon duine ag tabhairt comhairle nó tacaíochta dóibh. Feictear é anseo ag tabhairt misneach do na páisti óga a rinne a gCéad Chomaoineach ar an gCeathrú Rua le déanaí. An Aoine seo thart (31 Bealtaine) bhí sé ag ceiliúradh athosocailt Scoil Rónáin na Trá Báine in éindigh leis an Easpag Micheál Ó Nearaí agus sagairt eile.

An tréith is mó a théann i gcionn ar dhaoine ná a chineáltas agus a shéimhe, bíodh sé sa pharóiste seo nó roimhe ar Inis Mór. Tá cúig bhliain is scór curtha de anois mar shagart agus is deis dúinn aitheantas a thabhairt dá fhreastal diaganta ar son a phobail.

Beidh Aifreann i Séipéal Mhic Dara 12 Meitheamh @ 7.30 i.n.  Soláistí agus Ceol le 'Cillín' in Óstán an Dóilín tar éis an Aifrinn. Ticéad €10.00

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le oifig an tsagairt ag 091 595452 idir 10.00 am agus 1.30 i.n Luan go hAoine