Abair le do chairde!!
Scoláirí idirbhliana Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua ag bronnadh neadacha éin ar bhaill de choiste na mBailte Slachtmhara ag an scoil. Sa phictiúr tá ar chúl ó chlé: Paudie Mac Cormaic, Caoimhín Ó Neachtain, Seán Mac Donnacha, Méimí Uí Cheallaigh, Annie Ní Dhubháin agus Rumhann de Búrca. Chun tosaigh: Micheál Ó Tuathail, Seosamh Mac Donnacha, Marcas Mac Donncha, |
'Chuaigh an coiste i dteangmháil le Scoil Chuimsitheach Chiaráin i dtaobh boscaí éin a dhéanamh dúinn. Thug an múinteoir, Kevin Naughton, agus an idirbhliain faoin togra' |
Bhronn scoláirí idirbhliana Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua neadacha éin a rinne siad féin ar Choiste áitiúil na mBailte Slachtmhara le déanaí. Tá sé mar aidhm ag an gCoiste cur isteach ar chomórtas na mBailte Slachtmhara ó bunaíodh an Coiste i 2012. Chuaigh an coiste i dteangmháil le Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua i dtaobh Boscaí Éin a dhéanamh dúinn. Thug an múinteoir, Kevin Naughton, agus an idirbhliain faoin togra. Bronnadh na Boscaí Éin ar an gCoiste Dé Luain 13 Bealtaine sa Scoil. Glacadh Coiste na mBailte Slachtmhara buíochas mór leis na scolairí, an múinteoir agus foireann na scoile ar fad a bhí bainteach leis an togra seo. (Anna Ní Chualáin - Runaí Coiste) |
Foilsithe: Bealtaine 2013 |