NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Japanese Knotweed

An bhfuil an Ghlúineach Bhiorach ag fás ar do chuid talún?

Is coir an Ghlúineach Bhiorach a fhás nó a scaipthe nó créafóg ina bhfuil rútaí den ghlúineach a athrú thart agus fios agat faoi. 

NÁ DÉAN:

Ná strimeáil í!  Sin é an rud is measa a d’fhéadfá a dhéanamh mar fágann sí na milliúin de phíosaí beaga ina diaidh atá in ann fás arís ina bplandaí úra.

Ná déan iarracht na rútaí a chartadh aníos.  Tá píosaí beaga rútaí in ann fás ina bplandaí láidre agus má chartann tú an chréafóg tá an chontúirt ann go scaipeadh sí ina fásach.  

Ná gearr siar í agus ná fág píosaí ar an talamh.  Scaipeann siad seo go sciobtha sa ghaoth, san uisce, ar bhoinn carranna 7rl. agus tá gach ceann díobh in ann fás isteach ina phlanda úr.  

Ná déan múirín de phíosaí atá gearrtha ná iad a chur sa mbosca bruscar ná iad a thabhairt chuig ionad dumpála.  Is coir é seo.

Ná gearr na slata agus ná doirt luibhicíd anuas ar na bunanna atá fanta.  Ní oibríonn sé seo.

Ná déan neamhshuim de! Scaipeann planda beag ina fhásach mór go sciobtha.

CHUN COMHAIRLE A FHÁIL FAOI CÉARD BA CHEART A DHÉANAMH, DÉAN TEAGMHÁIL LE:

www.japaneseknotweedconrolservice.com  / 061 924 287

www.invasivespeciesireland.com

nó cuir glaoch ar Áine Ní Chualáin, Coiste na mBailte Slachtmhara, An Cheathrú Rua:  087-9910624

 

Foilsithe: 11 Meitheamh 2013