Abair le do chairde!!
“Ní bheidh leigheas ar an scéal bainte móna i gConamara go dtí go dtugtar geallúint nach gcuirfear isteach go deo ar an traidisiún sin,” a deir Pádraig "an Táilliúra" Ó Conghaile. Bhí Pádraig ar an gCeathrú Rua chun comhairle a chur ar lucht bainte móna na háite. Cé go bhfuil sé ráite ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra nach gcuirfear isteach ar bhaint móna i gConamara níl Pádraig sásta mar “níl siad ag tabhairt geallúint”.
“Tá mise ag iarraidh orthu a rá go poiblí nach gcuirfear bac ar bhaint móna le linn mo shaolsa agus le linn shaol mo mhic agus ná a mhic sin arís. Ach cé go ndeireann siad nach gcuirfidh níl siad sástá tréimhse a lua ná a fhógairt go hoifigiúil.” Mar sin dar le Pádraig nach bhfuil an scéal réitithe fós.
Bhí cruinniú ag Pádraig agus ag ionadaithe eile le hionadaithe na Seirbhíse in Óstán Theach Glinsce timpeall mí ó shin. “Chuir mé ceist orthu cén fáth nár tháinig siad go dtí aon cheann de na cruinnithe, cén fáth nár labhair siad le muintir na háite. An rud seo faoi limistéir chaomhnaithe ní raibh a fhios ag an bpobal faoi agus tháinig sé aniar aduaidh orthu a bheag ná mór.”
Dúirt siad le Pádraig nach raibh a dhóthain oibrithe acu le déileáil leis agus d’admhaigh siad go mb’fhéidir nach ndearna siad a dhóthain fógraíochta nuair a bhí an reachtaíocht ar na bacáin. Bhí maolú ag Éire ó dhlíthe an AE ar feadh deich mbliana ach chuaigh an maolú sin in éag bliain ó shin agus anois tá bagairt fíneálacha troma ar sháru na rialacha caomhnaithe.
Bhí cruinniú eile in oifigí na Comhairle Contae leis an Aire Jimmy Deenihan ach bhí díomá ar Phádraig faoin laghad daoine a tháinig le tacú lena gcás. Ina dhiaidh sin tháinig ráiteas ón Teachta Dála Seán Ó Cadhain nach gcuirfí stop le baint móna i gConamara. Ach cén fáth, a deir Pádraig nach bhfuil aon tréimhse luaite aon uair.
“Is bratphortaigh ar fad atá i gConmara agus tá an brú is mó ag teacht orthu siúd a bhíonn ag baint ó ardphortaigh atá taobh thoir de Ghaillimh.”
B’fhearr le Pádraig go mbainfí an stádas caomhnaithe ó na portaigh. “Ní mharódh feirmeoir éan go brách. Ba cheart dóibh breathnú ar na minceanna agus na sionnaigh atá sa cheantar agus an méid dochair a dhéanann siadsan.