Abair le do chairde!!
Tá an t-am sin bliana buailte linn arís agus muid ag cuimhneamh ar léachtaí Chumann Béaloidis Chonamara, agus an chéad imeacht againn Dé Máirt seo chugainn. Go deimhin, is Dé Máirt a bheas na léachtaí uilig i mbliana agus ní Déardaoin mar a bhíodh.
Tosóidh muid amach Dé Máirt, an 22 Deireadh Fómhair, ar a 8.00 i.n nuair a thabharfaidh Eileen Nic Dhonncha as an nGleann Mór píosa cainte dar teideal ‘Áitainmneacha na Ceathrún Rua’.
Tá liosta cainteanna na bliana istigh leis an litir seo. Ba mhaith liom a mheabhrú duit freisin gur €15 atá le n-íoc ar an mballraíocht, agus go mbeidh fáilte roimhe am ar bith i rith na bliana.
Beidh fearadh na fáilte romhat!
Máire Ní Chualáin, Rúnaí
Cumann Béaloidis Chonamara
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe
16 Deireadh Fómhair 2013
Eileen Nic Dhonncha, 22 Deireadh Fómhair 2013: ‘Áitainmneacha na Ceathrún Rua’
An tOllamh Gearóid Mac Eoin, 19 Samhain 2013:‘Guaire agus na Gealta’
An Dr Séamas Ó Síocháin, 3 Nollaig 2013:‘Ruairí Mac Easmainn agus Iarthar na hÉireann’
Aingeal Ní Chualáin, 21 Eanáir 2014:‘Úsáid na nAmhrán i Saothar Phádhraic Óig Uí Chonaire’
An Dr Ciara Breathnach, 25 Feabhra 2014:‘Bord na gCeantar Cúng agus forbairt san Iarthar, 1890 - 1914’
Máirtín Mac Donnchadha, 25 Márta 2014: ‘Deachaint ‘s Deisbhéalaíocht’