Abair le do chairde!!
Deireadh seachtaine agallaimh bheirte, lúibíní, scéalaíocht, díospóireacht agus seimeáir ar an gCeathrú Rua, 22-24 Samhain, 2013.
Céard is agallamh beirte ann? Cé as a dtáinig an lúibín? An bhfuil traidisiún na scéalaíochta seanchaite nó an féidir beocht nua a thabhairt do sheancheird an tseanchaí?
Seo cuid de na ceisteanna a ardófar i rith Féile Béal : Comhdháil na Lúibíní, ar an gCeathrú Rua, idir an 22-24ú Samhain, 2014. Idir na h-imeachtaí ar fad tá sé i gceist againn neart cur agus cúiteamh a dhéanamh agus bealaí nua a aimsiú chun na h-ealaíona béil a chur chun cinn sa 21ú aois.
I rith na deireadh seachtaine beidh cainteoirí ó TG4, Raidió na Gaeltachta, na meáin shóisialta, Oireachtas na Gaeilge agus neart eile i láthair chun a gcuid tuairimí a thabhairt ar fhorbairt na n-ealaíona sa nua-aois. Beidh neart lúibíní, agallaimh bheirte agus scéalaíocht le cloisteáil ar ndóigh – chomh maith le ceol agus scléip den scoth.
Tá an ócaid seo á reachtáil againne i MeasMedia le cabhair ón gComhairle Ealaíon, mar chuid dár gclár imeachtaí cultúrtha. Le blianta fada braitheann muid gur beag stáitse atá á fháil ag na h-ealaíona béil taobh amuigh d’Oireachtas na Gaeilge agus de roinnt féilte áitiúla eile. Sa bhféile seo cuirfear ceist ar na h-ealaíontóirí agus ar lucht leanta na healaíne – an féidir linn stáitsí nua a aimsiú do na h-ealaíona seo – bíodh na stáitsí sin ar líne nó sna meáin eile?
Tá súil againn go mbainfidh sibh sult as an deireadh seachtaine agus go mbeidh sibh in ann cur leis an gcúiteamh.
Le mór mheas,
Breandán Ó hEaghra
MeasMedia
Stiúrthóir Féile Béal