NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Ealaíontóirí

(Sna pictiúir thíos tá ó bharr, Charles Lamb agus ceann dá shaothair, "Aran Couple";  Bob Quinn, Paul Mercier, Eddie Delaney agus Tomás Mac Eoin)

 

Chónaigh an t-ealaíontóir, Charles Lamb, ar an mBóthar Buí ó 1933 go dtí go bhfuair sé bás sa mbliain 1964.  

Bhunaigh sé go leor dá chuid ealaíne ar na daoine agus ar thírdhreach na háite.  Is as Cuilleán do Phádraic Reaney a bhíonn ag péinteáil, ag dealbhóireacht agus ag eitseáil. 

Bhí Eddie Delaney ina chónaí sa gCaorán Mór suas le 30 bliain go dtí gur bhásaigh sé in 2009.  Bhí cáil ar Delaney mar dhealbhóir, agus is é a rinne na dealbha, Wolfe Tone agus Thomas Davis, atá le feiceáil i mBaile Átha Cliath, i measc saothar eile.  Tá teach ag na O’Kellys, ealaíontóirí, in aice le Trá an Dóilín, agus bíonn Laurence, Vivion agus Alanna ag saothrú a mbeatha leis an ealaín.

Is iarmhúinteoir ealaíne i Scoil Chuimsitheach Chiaráin é Walter Verling, agus chónaigh sé féin agus Louise, a bhean chéile (atá básaithe) agus gur deirfiúr le Seán Ó Riada í, sa gCeathrú Rua, ó 1966-1970.  Múinteoir ealaíne eile sa Scoil Chuimsitheach ab ea Moira Manifold, a bhfuil gailearaí aici i gCathair na Gaillimhe. 

Tá leithéid Dan Ó Flaithearta, Danny Wallace, Hilaraí Nic Cába, Mary Conroy agus Aoife Casby ar chuid de na healaíontóirí a bhíonn i mbun ealaíne na laethanta seo.  

          Rugadh an scríbhneoir Peadar Neilí Ó Domhnaill sa gCaorán Beag i 1903, agus foilsíodh píosaí leis i Scéala Éireann, in Ar Aghaidh, sa Standard agus i Leabhar na gCeaipísíneach.  Foilsíodh leabhar dá chuid, Seod-Aistí as Conamara i 1943.  Tá Muiris Ó Súilleabháin, údar Fiche Blian ag Fás, a rugadh ar an mBlascaod Mór ach a bhí ina chónaí ar an gCeathrú Rua curtha i Reilig Bharr an Doire.  Bhí aithne fhorleathan ar a mhac, Eoin Ó Súilleabháin, mar aisteoir le hAmharclann na Mainistreach agus bhíodh cluais ar dhaoine i gConamara chuile oíche Satharn ag éisteacht leis sna drámaí Colm sa mBaile, Colm i Sasana agus Colm ar Strae ar Raidió Éireann. 
       

Tá an Ciarraíoch eile, Breandán Feirtéar, iarcheannaire Raidió na Gaeltachta, ina chónaí i gCuilleán.  Tá aithne ar Bhreandán mar chraoltóir raidió agus mar dhéantóir scannán fáisnéise, Slán an Scéalaí: Scéal Pheig Sayers, Imirceach ó Éirinn – An Spailpín Fánac, Deireadh an Áil agus Talamh Pheadair ina measc. 

          Cónaíonn Tomás Jimmy Mac Eoin, amhránaí agus cumadóir, ar an mBóthar Buí.  Luaitear amhráin mar An Cailín Álainn agus Bleán na Bó le Tomás, chomh maith le go leor amhrán eile.  D’aithris sé dán Yeats, The Stolen Child ar an albam The Fisherman’s Blues le The Waterboys.  Chuir Tomás agus a dheirfiúr, Máire Uí Fhlatharta, cnuasach filíochta, Loscadh Sléibhe amach agus tháinig an t-úrscéal le Máire Ná gabh thar tí Stiofáin amach sa mbliain 2010. 

       Bhí amhránaithe sean-nóis sa gCeathrú Rua riamh, ach oiread le chuile choirnéal de Chonamara, leithéid Máire Nic Dhonncha Cholman Johnny, Vail Ó Flathartaigh, Beartla Choilm Rua Ó Flathartaigh, Micil agus Peadar Sheáin Ó Domhnaill, Cóilín Chóil Bhríd Ó Domhnaill, Pádraig Ó Catháin, Peadar Tommy Mac Donncha, Micheál Seoige. Sa lá atá inniu ann, tá amhránaithe agus bannaí ceoil a chasann an sean agus an nua, Cillín agus Duirling ina measc
    
          Tá Bob Quinn ina chónaí sa gceantar le os cionn 40 bliain, agus is eisean a rinne scannáin leithéid Poitín, Caoineadh Airt Uí Laoghaire agus Atlantean.  Tá eolas forleathan ar na grianghraif de dhaoine agus den tírdhreach atá tógtha aige sa gceantar leis na blianta

          Tá Paul Mercier, scríbhneoir agus léiritheoir, ina chónaí san áit ó 1998.  Tá drámaí scríofa agus léirithe ag Mercier - Home, Studs agus Drowning ina measc. Ba é léiritheoir na sraithe teilifíse do dhéagóirí, Aifric, é

          Bhí na Pyeanna ina gcónaí sa gCaorán Beag, agus deirtear gurbh as Inis i gCo. an Chláir a tháinig siad.  Bhí siad go maith as ach thit siad i ndiaidh a gcúil agus bhásaigh an duine deiridh acu, Pat, i dTeach na mBocht i 1919.  Bhí duine acu ina fhile agus ina fhísí, agus deirtear go bhfuil cuid mhaith dá thairngreachtaí fíoraithe.  Bhí ollamh den ainm Pye san ollscoil i nGaillimh agus d’fhéadfadh gur duine de na Pyeanna seo.