NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Logainmneacha

Bruce Ismay, úinéir an Titanic. Cheannaigh sé Lodge Chasla i 1913 

 

Barr an Doire – doire nó coill dharach

Bóthar an Chillín – an bóthar atá ag dul síos go dtí an séipéal beag atá i mBarr an Doire

An Caorán Beag agus An Caorán Mór – áit a mbíodh portach nó móin

Pointe – gob nó píosa talún atá ag síneadh amach sa bhfarraige

An Gleann Mór – tá an baile suite sa ngleann atá faoi bhun Chnoc an Phobail agus síneann sé siar go sráidbhaile na Ceathrún Rua

An Sruthán – ‘Sruthán an Bheanna’ an seanainm a bhí ar an mbaile.  Tagann sruth as Loch an Mhuilinn agus téann sé amach sa bhfarraige ag barr Chéibh an tSrutháin.  Deirtear go raibh tobar beannaithe san áit a bhfuil bóthar na céibhe ag tosú sa lá atá inniu ann agus gur as sin a tháinig an t-ainm.  An tOileán Beannaithe – suite i gCéibh an tSrutháin in aice leis an áit a ritheann an ‘sruthán’ isteach sa bhfarraige, ainmnithe mar gheall ar an tobar beannaithe freisin.  Dúnadh an tobar nuair a bhí an chéibh á tógáil thart ar an mbliain 1820.  Bhí ar an Athair Bháitéar, an sagart a bhí ann ag an am, an chéad sluasaid a chaitheamh sa tobar mar bhí faitíos ar na daoine é a dhúnadh mar gheall go raibh sé beannaithe.  Deirtear go raibh croitheadh i láimh an tsagairt as sin amach.  Glais na Caillí – trasna ó Chéibh an tSrutháin agus ainmnithe i ndiaidh Biddy Green, tiarna talún a raibh 25 teach aici sa nglais.  Bhí abhainn nó ‘glais’ ag teacht anuas tríd ó Dhoire Fhearta, agus bádh an bhean seo nuair a bhí sí ag iarraidh an abhainn a thrasnú

An Crompán – cuan beag nó góilín, atá in aice le Bá Chladhnach, agus tá Barr an Chrompáin ann chomh maith

Croisín – píosa beag talún atá mar chuid den chladach agus atá ag síneadh amach i mBá Chladhnach.  Tá Droichead an Chroisín ar do bhealach go Casla

Cladhnach – áit a raibh go leor trinsí nó mullóga agus gan mórán claíocha

Doire Né/Doire an Fhéich – coill a raibh fiach dubh ann

Casla – cuas nó céibh bheag.  Lodge Chasla a tógadh sa 19ú céad, agus a cheannaigh Bruce Ismay sa mbliain 1913.  Ba stiúrthóir é Ismay ar an White Star Line, an comhlacht arbh leo An Titanic a chuaigh go tóin poill i 1912. Bhí scéal ann gur éalaigh Ismay amach den Titanic leis na mná agus na páistí, agus gur tháinig sé go Casla go luath ina dhiaidh sin. Tá Raidió na Gaeltachta suite i gCasla, agus ag craoladh ó 1972.  Bhíodh Saor Raidió Chonamara ag craoladh i gceantair áirithe sular tháinig RnaG, mar a thugtar air, ar an aer.  Ba sa ngarraí taobh thoir de tigh Vail Bhidín ar an gCaorán Mór a bhí an craoladh seachtain amháin

An Bóthar Buí – ceaptar go bhfuil baint ag dath na créafóige le hainm na háite, mar atá in go leor áiteanna ar fud na tíre

Tismeáin – tomhais agus meán, lár na leithinise

An Rinn – píosa talún atá ag gobadh amach sa bhfarraige/roinnt.  Tá tobairín beannaithe Tobairín an Mhulláin sa gcladach gar do Bharr na Cora

Caladh Thaidhg – áit le teacht i dtír é an caladh, agus tógadh céibh anseo thart ar 1820 faoi stiúir Thaidhg Uí Chatháin, fear a mbíodh báid leis ag dul isteach as go Gaillimh.  Bhíodh go leor de na báid a bhíodh ag tabhairt móna go hÁrainn ag imeacht as Caladh Thaidhg tráth.  Carraig an Ime.
Teach an tSalainn – stór a gcoinnítí salann le bheith ag sailleadh éisc leis.  Tá seanmhonarcha feamainne láimh le Céibh Chalaidh Thaidhg freisin

Cuilleán – áit a mbíodh slám beag crainnte, coill bheag

Na Lathaí Dubha – is puiteach atá i gceist le ‘lathach’, puiteach dhubh

Doire Fhearta Mór agus Doire Fhearta Beag – is áit é feart nó feartach a mbíodh daoine á gcur ann.  Thugtaí Doire Fhearta na bhFeadógaí/bhFeadóg air sa seanam; éanacha beaga a thagadh isteach faoi thír a bhíodh sna feadóga.  Deirtear freisin go mbíodh muintir Uí Fhátharta ina gcónaí ann.

An Tuairín – tá An Tuairín Mín agus An Tuairín Garbh ann, áit a mbíodh éadach amuigh ‘ar tuar’ .i. á dhéanamh geal.  Tobar Naomh Tomás – tobar ar bhruach na farraige a dtugtar cuairt air ar an 20 Nollaig, agus tá leigheas ann do shúile tinne, a deirtear

Bóthar na Scrathóg – áit le scraitheanna atá idir Crosbhóthar an Tuairín agus Casla agus ag dul i dtreo Mhuicineach idir Dhá Sháile

Inis Mhic Cionnaith (leis an teach bán). Bhí cónaí air go dtí 1973

Inis Mhic Cionaith – oileán a raibh cónaí air go dtí 1973.  Chuir na daoine a d’fhág an t-oileán fúthu ina dhiaidh sin sna Lathaí Dubha, i gCuilleán agus i nDoire Fhearta.  Ba leis an Tiarna Talún, Martin Kirwan an t-oileán sna 1850idí.  Bhí Proinsias Ó Flaitheartaigh ina thiarna talún ann tráth freisin.

An Ros/Oileán na Rosa – pointe ag ceann tíre

 


 

 

 

Foinsí:

Logainmneacha agus Patrún Lonnaíochta ar an gCeathrú Rua, Eileen Nic Dhonncha
An Cheathrú Rua, Léacht an Oireachtais, Cáit Ní Dhomhnaill
An Cheathrú Rua, Maedhbh M. Nic Dhonnchadha
Seod-Aistí as Conamara, Peadar Neilí Ó Domhnaill
Connemara, Introduction and Gazetter, Tim Robinson
Séipéal Mhic Dara, Athoscailt 24 Deireadh Fómhair 2002
Daonáireamh 1911, Raidió na Gaeltachta