NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Locha

Loch na Tamhnaí Móire. Tá Caladh Thaidhg sa chúlra. Tá Loch an Mhuilinn sa phictiúr thíos

 

Loch an Mhuilinn – bhíodh muileann suite uirthi sna 1780idí ach gur sa Sruthán, ar Bhóithrín Bheachlín a bhí an muileann.  Tá an loch ceithre scór troigh i ndoimhneas.  Is buncharraig atá sa gcuid ó thuaidh de agus is láib atá sa gcloigeann ó dheas de in aice shráidbhaile na Ceathrún Rua.  D’fhéadfadh sé gur crannóg atá ar an oileáinín a dtugtar Oileán an Phríosúin air, áit a ndeirtear faoi go raibh tionóntaí nach raibh in ann a gcíos a íoc i ngéibheann ag tiarna talún ann.  Tá Cora na bPáistí ó thuaidh dhe arís, áit a gcuirtí páistí nach raibh baistithe. Oileán na bhFaoileán agus Carraig na bhFaoileán, áit a mbíodh go leor faoileán le feiceáil.  Oileán na nGeabhróg – áit a mbíodh geabhróga le feiceáil.

Loch Scailp Dhomhnaill – is idir teorainn na Ceathrún Rua Thuaidh agus An Cheathrú Rua Theas atá an loch seo.  Ceaptar gur i ndiaidh fear darbh ainm Domhnall, a bhí ina chónaí i mbothán in aice na locha, atá an loch ainmnithe.

Loch na Tamhnaí Móire – is in aice Chaladh Thaidhg atá an loch seo, agus bhí tamhnach nó talamh ard in aice leis.

Loch na gCaisle – ar an mBóthar Buí, trasna ó Tigh Lamb, an t-ealaíontóir.  Tagann an t-ainm ó ‘caislín’, éan beag breac a dhéanann a nead faoi chloch agus a bhíonn le feiceáil in aice na locha; nó an chiall eile atá ag ‘caislín’ is ea sruth beag; nó tá sé sa seanchas go raibh daoine ina gcónaí san áit a raibh ‘Caisle’ mar ainm orthu.  Tá uaigheanna ó aimsir an ghorta ó dheas i bPoll na nGabhar.

Loch na nEalaí/Loch Mháirín Pie/Pye – is sa Tismeáin atá an loch seo.  Tugadh an t-ainm seo uirthi mar go mbíodh go leor ealaí ag snámh uirthi.
Tugtar Oileán Mháire ar oileán beag atá ar an loch.

Loch na Mionnán - is idir An Cheathrú Rua Theas agus An Caorán Beag atá an loch seo.

Loch Aill an Duilliúir – ar Bhóthar an Chillín, ach go bhfuil sí triomaithe anois agus giolcach ag fás ann.  Tá abhainn ag rith uaithi go dtí Loch an Mhuilinn.

Loch an Iolair – in aice an Phointe, i mbaile fearainn an Chaoráin Bhig.

Loch an Chaoráin Mhóir – sa gCaorán Mór, ach í triomaithe le roinnt blianta.

Loch Mór na bhFraochóg – ar an teorainn idir An Cheathrú Rua Thuaidh agus Cladhnach.  Fásann caora beaga ar a dtugtar ‘fraochóga’ nó ‘fraocháin’ in aice na locha.

Loch an Bhric Mhóir – i nDoire Fhearta Beag.

Loch an Tuairín – ar an teorainn idir An Cheathrú Rua Thiar agus An Cheathrú Rua Thuaidh.

 

Foinsí:

Logainmneacha agus Patrún Lonnaíochta ar an gCeathrú Rua, Eileen Nic Dhonncha