Abair le do chairde!!
22/3/2016
An t-eolas is deireanaí maidir le soláthar uisce poiblí na Ceathrún Rua
Iata faigh cóip d’fhógra fiuchta uisce a eisíodh do chustaiméirí a fhaigheann a gcuid uisce ó sholáthar poiblí na Ceathrú Rua.
Iarann Uisce Éireann ar a gcuid custaiméirí leanacht orthu a gcuid uisce a fhiuchadh agus an comhairle a leanacht atá sa bhfógra thuasluaite.
Tá Uisce Éireann agus Comhairle Contae na Gaillimhe tiomanta deireadh a chuir leis an bhfógra fiuchta uisce chomh luath agus is féidir.
Tá conraitheoir ceaptha chun feabhsúcháin a dhéanamh san Ionad Cóireála Uisce ar an gCeathrú Rua. Luach milliún euro do chonradh atá i gceist.
Meastar go mairfidh na hoibreacha sé mhí agus nuair a bheas siad críochnaithe, aontófar clár sampláil le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.
Má thagann aon nuashonraithe chun cinn, beidh siad ar fáil ar;
www.water.ie
www.galwaycoco.ie
@IWCare
www.carraroe.ie
agus sna meáin áitiúla.
Cuirfear ar an eolas thú nuair atá an fógra fiuchta uisce crochta. Coinnigh ag fiuchadh do chuid uisce go dtí sin le do thoil.