NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Logainmeacha: Thart le Cósta

An Dóilín

 

Muc Ghainimh – amach ón Dóilín. Bíonn an fharraige le feiceáil ag éirí ar an gcarraig a dtugtar An Mhuc Ghainimh uirthi nuair a bhíonn aimsir mhaith ar an mbealach
 

Carraig an Liagáin – ó thuaidh de Charraig an Ime in aice Inis Mhic Cionnaith.  ‘Liagán’ – cloch atá ina seasamh
 

Céibh an Chaislín nó Céibh Dhoire Fheárta – ‘An Caislín’ an t-ainm a bhí ar an mbád a bhí ag an Tiarna Talún Proinsias Ó Flaithearta a bhí ina chónaí ar Inis Mhic Cionaith
 

Céibh an Chaislín Deas – bád eile a raibh an t-ainm An Caislín Deas air a bhí ag an tiarna talún céanna, agus seo an t-ainm atá ar an gcéibh ar Inis Mhic Cionaith.  Tá oileán beag le taobh na céibhe agus An Ghlais Oileán atá air; reilig gasúr a bhí ann de réir cosúlachta
 

Céibh Aill na Graí – i nDoire Né
 

Cora na gCadhain – i nDoire Fheárta trasna ó Inis Mhic Cionaith.  Bhíodh seanbhóthar Dhoire Fheárta ag dul síos le cladach agus thagadh sé amach i gCuileán
 

Cora Ghogala – i nDore Fheárta.  Bhí seanfhear san áit a raibh ‘Gogala’ air
 

Mullán Shadhbh Chrón – cloch atá amach ón Tismeáin.  B’fhéidir gur bádh bean a raibh craiceann dorcha uirthi agus Sadhbh mar ainm uirthi
 

Gob na Ronna – amach ón Rinn
 

Carraig an Riain – i mbéal Chuan Chasla, amach ó Ghob an Phointe.  Ba rian nó marc a bhí sa gcarraig seo ag báid a bhíodh ag teacht isteach sa gcuan.  Tá leagan cainte ann faoin gcarraig seo ‘Carraig an Riain nár facthas riamh gan bruth’
 

An Codú nó An Charraig Dhubh – i mbéal Chuan Chasla freisin, amach ó Ros a Mhíl.  Bhíodh feamainn dhubh ag fás uirthi, sin an fáth ‘An Charraig Dhubh’ , ach bhí sé níos éasca ‘Codú’ a rá
 

An Cheannain – gar don Chodú.  ‘An Ceann F(h)ionn’ an t-ainm ceart ar an gcarraig seo
 

An Cuan Caol agus Céibh an Chuain Chaoil – sa bPointe
 

Aill an Chlogáis – aill a raibh túr nó clog uirthi.  Tá teach solais ar an aill a tógadh i 1914
 

An Fhaochnaid – in aice leis an gCaorán Mór.  Tugtar An Fhaochnaid ar an talamh agus ar an gcladach anseo
 

Cora Glas – píosa talún atá ag gobadh amach taobh thíos den Ghleann Mór.  Tá féar glas san áit
 

Caladh Mhaitiú – ó dheas de Chéibh an tSrutháin.  Bhíodh bád ag tiarna talún darbh ainm Maitiú Bláca san áit seo.  Seo cuid de na Blácaí a bhí sa Tulach chomh maith.  Tá Clocha an tSiléir in aice láimhe, áit a mbíodh solas leis na báid a threorú isteach sa gcuan

 

 

Foinsí:

Logainmneacha agus Patrún Lonnaíochta ar an gCeathrú Rua, Eileen Nic Dhonncha