Abair le do chairde!!
Baile Mionfhoirgnimh ar an bPoinnte, an Cheathrú Rua
Is as an bPoinnte, An Cheathrú Rua do Thomás de Bhailís nó Tom Wallace mar a thugtar go háitiúil air. Le blianta beaga anuas tá caitheamh aimsire dá chuid fhéin ag Tom - ag tógáil mionfhoirgnimh in aice lena theach cónaithe sa bPoinnte. Tá clú agus cáil anois ar na foirgnimh bheaga seo agus tagann daoine ó chian is ó chóngar ag breathnú orthu.
Thosaigh sé ag tógáil tithe beaga ceann tuí ar dtús thart ar cúig bhliana déag ó shin. Is thart ar an mbliain 2012 a thosaigh sé ag tógáil na bhfoirgnimh bheaga atá le feiceáil mórthimpeall a thí. Deir Tom gur mar chaitheamh aimsire a thosaigh sé ag tógáil na bhfoirgnimh bheaga seo ar dtús agus nach raibh aon phictiúr ná plean ina intinn aige. Ba caisleán agus séipéal an chéad dá fhoirgneamh a thóg sé.
Is clocha duirlinge a bhailigh sé timpeall an chósta, le meascán de ghaineamh agus stroighin a úsáideann sé agus é ag tógáil na mionfhoirgnimh seo. Déanann sé bloc nó bricín ar dtús, ansin cuireann sé le cheile iad díreach cosúil mar a dhéanfá Jig Saw. Thóg sé thart ar thrí mhí air an caisleán a thógáil, agus gar de cheithre mhí air an séipéal a thógáil.
Is mac a samhail de mhúnla Scoil Náisiúnta Mhic Dara (an scoil náisiúnta áitiúil) an tionscnamh is deireanaí a thóg sé ar lámh. Thosaigh sé ar an tionscnamh seo i mí Eanáir 2015 agus ní raibh sé críochnaithe aige go Fómhar na bliana sin. Tá seomraí ranga srl. faoin dian.
Tá cáil mhór ar na foirgnimh atá thógtha ag Tom. Bhí píosa fúthu sa Chonnacht Tribune agus i bpáipéir nuachta eile chomh leis an nuachtán ar líne www.journal.ie agus ar TG4. Cliceáil ar an nasc sa phictiúr thíos.
Meet the Connemara man building a miniature village in his garden
Tom Wallace has built a mini castle, church and cottage.
Tá daoine tagtha ó gach carn den domhan ag féachaint ag na foirgnimh bheaga seo agus tá cairde go leor déanta ag Tom dá mbarr agus cuireann siad cóipeanna de na grianghraif chuige mar chomhartha buíochais. Baineann na gasúir bheaga lán a súl as na foighneamh seo agus tugann siad an-phléisiúr dóibh.
Cuireann Tom míle fáilte roimh chuairteoirí ag breathnú ar a chuid ceirde.
Is iad Pádraig Ó Flatharta agus Delia Ní Chonghaile, a bhailigh an t-eolas seo mar chuid de thaithí oibre an chúrsa RDG a reáchtáladh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge I gcomhar leis an GRETB.