Abair le do chairde!!
Leithinis í an Cheathrú Rua atá suite idir dhá chuan foscúil. Tá Cuan Chasla ar an taobh thoir den leithinis agus Cuan an Fhir Mhóir ar an taobh thiar. Tá trácht sa stair ar an dá chuan seo agus ar a dtábhacht ó thaobh na hiascaireachta, na bádóireachta agus na loingseoireachta.
Ceaptar gur ar an bhfarraige a tháinig na chéad daoine chun cónaithe ar an gCeathrú Rua. Cinnte tháinig manaigh le conaí ansin sa chúigiú céad déag nó mar sin agus thógadar teampall ar cholbha thoir na leithinse ag Barr an Doire ar Chuan Chasla. Teampall Mhic Ádhaimh atá ar an teampall go h-áitiuil agus tá an 15ú Marta luaite leis mar lá oilithrigh. Tá trácht ar na manaigh agus na naoimh a bhí lonnaithe in Árainn a bheith ar oilithreacht chuig Loch na Naomh ar bharr Chnoc an Phobail. Is cinnte gur ar an bhfarraige a dhéanaidís an turas naoi míle nó mar sin as Inis Mór chun na Ceathrún Rua.
Ba í an fharraige an t-aon bhealach isteach chun na Ceathrún Rua ar feadh na mblianta agus tugadh Ród na Gaillimhe ar Chuan na Gaillimhe san sean aimsir.
Sa leabhar cáiliúil West or h-Iar Connaught leis an staraí Ruaidhrí Ó Flatharta a scríobhadh sa mbliain 1684 tá trácht ar an dea-iascaireacht a bhí an tráth sin ar Abhainn Chasla mar a raibh bradáin agus go háirithe liatháin nó an breac geal breá fairsing ann. Deir sé go raibh an t-iascaireacht scadán i gCuan Chasla thar barr i 1674 agus ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin tráth a raibh ganntan mór arbhair san tír. Bhí scadáin ann an tráth sin a bhí 18 n-orlach ar fhad.
Cuan an Fhir Mhóir a tugtar ar an gcuan idir An Cheathrú Rua agus ceantar na n-Oileán. Fuair an cuan a ainm ón bhfear mór a raibh cónaí air sa gcuan agus a bhíodh ag déanamh sléacht ar bháid agus ar iascairí a raibh sé de mhí-ádh orthu a theacht isteach sa gcuan. Tá an Fear Mór seo luaite in Annála na gCeithre Maistirí agus tugtar le fios gurb é seo an t-ainm a bhí ar an gcuan sa mbliain 1560. Tá scéal áitiúil eile ann go raibh beirt fhear mór ann –duine ar gach aontaobh den chuan agus go mbídís ag caitheamh clocha móra soir agus siar le chéile. Tá ceann de na clocha seo, Cloch Chormaic, sa gcladach gar do Chéibh an Dóilín.
Tá cuid mhaith céibheanna sa gceantar ach is iad Céibh an tSrutháin ar an taobh thoir agus Céibh Chaladh Thaidhg ar an taobh thiar an dá cheibh is mó. Tá céibheanna freisin i nDoire Né, Cladhnach, sa bPoinnte, an Dóilín, Cuileán agus Doire Fheárta.
Tógadh formhór na gcéibheanna seo faoi Bhord na gCeantar gCúng ach tá méadú curtha orthu ó shin.
Ag Céibh an tSrutháin tá deiseanna ancaire do bháid phléisiúir ar fáil amach ón gcéibh, iad curtha ar fáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhar le Fáilte Éireann. Tá deis láinseála bád ag Céibh an tSrutháin, Céibh Chaladh Thaidhg agus Céibh na Lathaí Dubha.
Ba é tionscail na móna ba mhó a bhain úsáid as na céibheanna seo san am atá caite. Bhaintí an mhóin go h-áitiúil ar dtús. Go deimhin tá an chosúlacht ar an gceantar gur baineadh móin ar fud na dúiche. Níos deireanaí thugtaí an mhóin as Seana Mhach agus Muiceannach le luchtáil ag na caltaí agus céibheanna agus le tabhairt go trí oileán Árann, go Gaillimh agus go Co. an Chlair le díol. Thugtaí feamainn go Gaillimh agus go Co. an Chláir le díol freisin gan trácht ar an méid mór poitín a tugadh chuig chuile thaobh den chuan le díol.
Ba as Céibh Chaladh Thaidhg a tugadh an lucht móna deireanach as an gceantar go hÁrainn. Sa mbliain 1973 a thug an bád mór An Mhaighdean Mhara lucht móna as Caladh Thaidhg go hÁrainn don uair dheiridh. Ach tá An Mhaighdean Mhara ag seoladh na gcuanta go fóill cé gur beag fód móna a chuirtear anois inti.
Úsáidtear na céibheanna seo fós i gcomhair beagán iascaireachta gliomach agus ribe róibéis agus do thionscail na feamainne, ach is báid phléisiúir idir shean-aimseartha agus nua-aimseartha is mó a bhíonn le feiceáil sna céibheanna, cuanta agus sna calaí seo san lá ata inniu ann.
Bhí agus tá cáil ar chúrsaí seoltóireachta sa gCeathrú Rua. De barr an dá chuan foscúil ar an dá thaobh den leithinis bhí trádáil i gcónaí sa gcuan. San aimsir a caitheadh bhíodh trádáil ar bun leis an bhFrainc agus le hOileáin Mhuir nIocht. Fíon, branda agus éadach ba mhó a bhí san trádáil seo. Bhíodh foghlaithe mara sna cuanta freisin ag faire ar shoithigh Shasana a bhíodh ag trádáil isteach go cathair na Gaillimhe.
In Annála na gCeithre Máistirí tá trácht ar long le Tuathal Ó Máille a báitheadh i mbéal Chuan an Fhir Mhóir am éigin sna blianta thart ar 1500. Baitheadh 100 fear sa tubaiste sin. Tá trácht ar bháitheadh mór eile ag Carraig na nGall i mbéal an chuain. Deirtear gur Sasanaigh a báitheadh agus gurb é sin a d’fhág Carraig na nGall mar ainm ar an gcarraig seo.
Le dhá chéad bliain anuas ba í an bád mór nó an húicéara a bhí i gceannas na seoltóireachta as na cuanta seo. Ba í an bád seoil an carr, an leoraí, an traen agus fiú an rothar an tráth sin. Ba bheag bealach taisitil eile a bhí isteach ná amach sa gceantar roinnt céadta bliain ó shin.
Bhíodh na báid seoil ag tabhairt móna go dtí trí Oileán Árann. Níl aon mhóin ar Árainn mar gur cloch aoil atá ann. Ar an údar céanna thugtaí móin go deisceart na Gaillimhe agus go Co. an Chláir. Thugtaí móin, feamainn agus ar ndóigh poitín go Gaillimh le díol.
Ag filleadh do na báid ar Chonamara bhídis luchtaithe le iasc, plúr, siúcra, arbhar agus pé ní eile nach raibh fáil air ag baile. Bhí a gcuid bád féin ag na siopadóirí. Ba iad na bádóiri fir ghnó an cheantair an tráth sin agus bhí meas mór ag an bpobal orthu.
Tá an líon is mó bád traidisiúnta in aon phobal i gConamara le fáil sa gCeathrú Rua. Ar na báid mhóra atá ann tá An Mhaighdean Mhara, An Tónaí, An American Mór agus an Naomh Cáilín. Tá na leathbháid An Norah, An Swan, An Volunteer, An Saint John agus Star of the West ann. Tá suas le scór eile gleoiteog idir ghleoiteoga beaga agus gleoiteoga móra sa bpobal.
Feictear anois iad ag seoladh na gcuanta agus ag glacadh páirte san iliomad féilte bád atá ar fud Chonamara. Reáchtáiltear dhá fhéile bád sa gCeathrú Rua go bliantúil, Féile an Dóilín agus Féile Chaladh Thaidhg.
Tá saortha bád ar an gCeathrú Rua i gcónaí agus báid thraidisiúnta agus curacha á dtógáil acu go fóill.
Ba í an churach an bád oibre a bhíodh ag iascairí beaga an cheantair. D’úsáidtí freisin an churach chun feamainn a bhaint agus a shábháil. Ceaptar gur as Co. an Chláir a tháinig an chéad churach canbháis go dtí an ceantar seo. Diaidh ar ndiaidh cuireadh in oiriúint í do chaltaí agus d’farraigí an cheantair.
Tháinig báid iomartha chun cinn níos deireanaí ach tá said sin imithe ar fad as an gceantar anois. Ach tháinig an churach adhmaid ansin agus tá an soitheach seo beo beathach sa dúiche i gcónaí. Seachas iomramh is amhlaidh a bhíonn inill ar na soithigh seo anois.
Ach tá a h-áit fein ag an gcurach canbháis i gcónaí cé gur le spórt anois í. Tá an t-iomramh thar a bheith láidir sa gceantar i gcónaí agus bíonn foirne ón gCeathrú Rua go mór chun cinn ó cheann ceann na tíre ag féilte curach chuile shamhraidh. Tá athrú áirithe tagtha ar an gcurach canbháis. Tá an churach rása níos éadroime, níos faide agus níos caoile ná an tsean-churach.
Bhí cáil riamh ar iomróirí na Ceathrún Rua, Clann Dhonncha, Na Flathartaigh, Na Cualáin agus tuilleadh ina measc.