NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Clocha agus Carraigeacha

Cloch an tSeoil
 


Cloch an tSeoil – ar Chnoc an Phobail atá na clocha seo.  Is ‘Clocha Ceoil’ an t-ainm ceart atá orthu ach gur ‘Clocha tSeoil’ a deirtear.  Bhíodh macalla ag teacht uathu agus chreid na daoine go mbíodh sióga ag ceol in aice leo

 

Cloch na bhFaochan – in aice Bhóithrín an tSagairt ar Bhóthar an Chillín.  Bhíodh daoine ag díol agus ag ithe faochan anseo in aimsir an drochshaoil.  Ba é lárphointe na Ceathrún Rua é de réir an bhéaloidis

Cloch na Scíthe – in aice Bhóithrín na gCorp, áit a dtógadh daoine scíthe agus iad ag iompar na gcorp go dtí an reilig.  Bhíodh coirp á n-iompar chomh fada ó bhaile leis an Tuairín tráth.  Tá Clocha na Scíthe anseo agus ansiúd i nDoire Fheárta freisin.

Cloch na Toirní, ag barr Bhóthar Dhoire Fhearta/An Tuairín – deirtear gur bhuail lasair thoirní fear a bhí ar foscadh anseo Lá ‘le Mártan, agus gur scoilteadh an chloch ina dhá leath

Aill an Aifrinn – in aice Leanna Fíon. Aill nó cloch a úsáideadh d’Aifreann nuair nach raibh cead Aifreann a léamh

Poll Randarraí – Áit a dtógtaí gaineamh as le haghaidh na mbóithre le linn obair Bhord na gCeantar Cúng.  Randarraí ainm an fhir a bhí os cionn na hoibre

 

Foinsí:

Logainmneacha agus Patrún Lonnaíochta ar an gCeathrú Rua, Eileen Nic Dhonncha