NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Tagann Santa go dtí An Cheathrú Rua

Nach iad páistí na Ceathrún Rua agus na gceantar máguaird a bhí sásta. Bhain Daidí na Nollag an baile amach Dé Sathairn seo caite. Cé go raibh sé beagán tuirseach agus go leor taistil déanta aige bhí sé ag súil go mór na páistí a fheiceáil agus bronntanas beag a thabhairt do gach duine. (Féach ar an bhfíseán anseo). 

"Beidh mé in ann breathnú ar cé chomh mór is a d'fhás siad ón am seo anuraidh," a dúirt sé agus na leipreacháin ag iompar na mbronntanas go dtí a phluais. Bhí Santa i lár an aonaigh mar bhí Margadh na Nollag ar siúl. Bhí seastáin agus siopaí beaga ag díol chuile shaghas earra, ó shaothar ealaíne go páipéar Nollag.

Ar do bhealach isteach bhí crainnte agus maisiúcháin le ceannach. Ar an taobh eile bhí crepes blasta na hÍsiltíre ar díol.  Bhí éadaí snasta spóirt ó Tigh Liam le cur ort. Ina dhiaidh sin bhí leabhair agus péintéireacht álainn Mhéadhbh Ní Eidhin; trasna an urláir bhí plandaí ar díol le haghaidh Cumann Uinsionn de Pól ag Anna agus Caitríona. Bhí rudaí deasa milse ar nós prócaí suibhe agus meala, earraí áilleachta. 

Bhí bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara, Seán Ó Domhnaill sásta le cúrsaí. 

"Seo an dara bliain margadh na Nollag againn agus tá muid an-sásta leis an slua a tháinig," a deir sé. "Feicim Daidí na Nollag bocht ag déanamh a dhíchill agus na sluaite gasúr ag fanacht leis." Bhí sé cinnte go ngabhfadh an margadh ó neart go neart sna blianta romhainn. Tá blaiseadh de na himeacht le feiceáil sna pictiúir anseo agus sa Ghailearaí ar an suíomh seo.