NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Ócáidí Naíonra Mhic Dara

Naíonra Mhic Dara ag eagrú dhá ócáid - Oíche Nollaig na mBan agus Slimathon Mhic Dara

Is gearr go mbeidh Naíonra Mhic Dara ag aistriú isteach san Ionad Chúram Leanaí agus go leor trealaimh nua le ceannach dá réir. Mar gheall air seo tá sé beartaithe ag Coiste Naíonra Mhic Dara feachtas bailithe airgid a chur ar bun. Tá dhá ócáid á n-eagrú againn sa mbliain nua agus ba mhór linn bhur dtacaíocht.

 

Nollaig na mBan

Beidh oíche speisialta á reáchtáil do mhná an cheantair ar Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag nó Nollaig na mBan an 6 Eanáir 2012. Beidh an ócáid ar bun sa mBialann Shíneach ‘The Royal Villa’ ar an gCeathrú Rua. Béile cheithre chúrsa a bheidh ann le fíon san áireamh ar chostas €29.50. Ceol agus craic ina dhiaidh i dTigh an Táilliúra. Is féidir an t-airgead a íoc anois nó ar an oíche ach moltar do dhaoine áit a chur in áirithe go luath mar nach bhfuil ach líon teoranta áiteanna ar fáil.  

Slimathon Mhic Dara

Beidh grúpa ag bualadh le chéile chuile Luan, ag tosú ar an Luan 16 Eanáir 2012, sa Halla in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Beidh duine ar fáil le do mheáchan a thógáil agus roinnt comhairle a chur ar fáil agus ansin mug tae nó caifé ar fáil le seans a thabhairt dúinn uilig tacaíocht a thabhairt dá chéile. Costas €5 in aghaidh na hoíche a bheidh i gceist agus leanfaidh an cúrsa ar feadh 10 seachtainí. Beidh margadh speisialta le fáil ar an gcéad oíche –  €40 euro ar an gcúrsa uilig.  

Tuigeann muid go bhfuil na pinginí gann agus go mbeidh an sparán sách folamh i ndiaidh na Nollag ach is dhá ócáid iad seo a mbeidh tairbhe go leor le baint astu – agus seans iontach le hairgead a bhailiú don Naíonra. Fáilte roimh chúnamh. Scaip an scéal!