NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Oíche Eolais an Chomharchumainn

Ag an gcur i láthair a rinne Comharchumann Mhic Dara don phobal Dé Luain, 23 Eanáir 2012, mhínigh an Cathaoirleach, Tomás Mac Con Iomaire, go raibh an Comharchumann ag iarraidh cloisteáil ón bpobal faoi na rudaí a bhí ag déanamh imní dóibh. Thug an tOifigeach Forbartha, Seán Ó Domhnaill, tuairisc ar na tograí atá idir lámha ag an gComharchumann agus ansin glacadh le moltaí ón bpobal. Is cúrsaí glantacháin agus forbartha is mó a tharraing na daoine a bhí i láthair anuas, agus déanadh roinnt moltaí i dtaobh na ngnóthaí seo. Taispeánadh an suíomh idirlín www.ancheathrurua.ie agus tugadh cuireadh do dhaoine cur leis an suíomh trí eolas, fógraí, píosaí nuachta etc. a chrochadh air. Tá fáilte fós ag Comharchumann Mhic Dara roimh scairshealbhóirí nua. €200 atá ar scair, ach is féidir é a cheannach thar tréimhse ceithre bliana - €50 sa mbliain.

Is seo cuid do na daoine a bhí i láthair tar éis an Cruinniú san Acadamh.