NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

€38k do Choiste Cúram Leanaí

Ceadaíonn an tAire Stáit Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich €38,321 do Choiste Cúram Leanaí na Ceathrún Rua Teo

25/01/2012

D’fhógair an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich go  bhfuil deontas €38,321 ceadaithe aige le cabhrú le Coiste Cúram Leanaí na Ceathrú Rua Teo., cistin, troscán, trealamh agus bréagáin a cheannach don Naionra, Naíolann agus don tseirbhís iarscoile sa Cheathrú Rua.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil.

“Cabhróidh an deontas seo chun bailchríoch a chur ar an obair atá beagnach críochnaithe ar an ionad nua le súil go mbeidh siad in ann brú ar aghaidh agus an t-ionad a oscailt chomh luath is féidir”. Dúirt sé gur sampla maith é an togra gur fiú tacú leis mar gheall ar a bhfiúntas don Ghaeilge. “Le comhoibriú na bpáirtithe leasmhar ar fad ar cás leo an Ghaeilge, go háirithe mo Roinnse, an tÚdarás agus pobal na Ceathrú Rua, beidh seirbhísí Naionra, Naíolainne agus iarscoile d’ardchaighdeán á gcur ar fáil san ionad seo nuair a bheidh sé oscailte agus cuideoidh sé seo go mór leis an nGaeilge sa cheantar”

 

 
An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich