NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Folúntas Crib na nÓg

Crib na nÓg
Ionad Óige & Eolais, An Cheathrú Rua


FOLÚNTAS
do Oibrí Tionscadail


Tá folúntas ag Crib na nÓg do Oibrí Tionscadail le dhul i mbun cúraimí an Chaifé
Óige & Ionad Eolais atá lonnaithe i Halla Éinne, An Cheathrú Rua.

Beidh an té a cheapfar freagrach as forbairt an Ionad Óige, riaradh agus reachtáil an
Ionaid go laethúil, imeachtaí agus gníomhaíochtaí a fhorbairt; déileáil le heagrais
mhaoinithe, eagrais Stáit, eagrais óige agus eagrais ábhartha eile.

Bheadh sé ina bhuntáiste dá mbeadh na scileanna/cáilíochtaí seo leanas ag iarratasóirí:

· Cáilíocht taithí phraicticiúil ag obair le daoine óga agus spéis in obair óige
· Sárscileanna idirphearsanta, cumarsáide, pleanála agus eagrúcháin
· Scileanna ríomhaireachta agus cruinneas i scríobh agus i labhairt na Gaeilge
· Ceadúnas iomlán glan tiomána
Is conradh sealadach a bheas á thairiscint, le uasmhéid do 21 uair a chloig sa
tseachtain. Is gá go mbeadh an té a cheapfar solúbtha ó thaobh freastal agus beidh
uaireanta agus amanna neamhshóisialta ag dul leis an bpost ó am go chéile.
D’fhéadfaí cuir leis an tréimhse fostaíochta ar dhiscréid an Choiste Bainistíochta ar an
mbunús go mbeadh maoiniú ar fáil chuige sin.

Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Óige na Gaeltachta agus freagrach do Choiste
Bainistíochta Chrib na nÓg. Beidh sé/sí lonnaithe in Ionad Chrib na nÓg i Halla
Éinne, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.

Ní ghlacfar le hiarratais atá déanach.
Is fostóir comhionnanas deiseanna é Crib na nÓg/Óige na Gaeltachta.


Cuirtear iarratais, mar aon le C.V., roimh 5.00 i.n. 24 Feabhra 2012 chuig:

An Coiste Bainistíochta,
Crib na nÓg,
Halla Éinne,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.


Má theastaíonn tuilleadh eolas, dean teagmháil le:

Óige na Gaeltachta: (091) 506014 nó seol ríomhphost chuig eolas@onag.ie

Crib na nÓg: (087) 6187280 nó seol ríomhphost chuig ionadoige@hotmail.com

Tá an post seo maoinithe ag Óige na Gaeltachta