Abair le do chairde!!
Tháinig slua deas le chéile le chéile Tigh Sé oíche Dé hAoine an deichiú lá de d'Fheabhra chun páirt a ghlacadh i dTráth na gCeist a bhí eagraithe ar mhaithe le CLG na Ceathrún Rua. Bhí trí bhord is fiche ann agus bailíodh €1278.15 don chumann. Tá an coiste fíorbhuíoch de gach duine a thug urraíocht an oíche sin nó a ghlac páirt sa gcomórtas. Tá buíochas mór ag dul do Mhíchéal Jimmy Sonnaí a bhí mar Fhear an Tí agus a thugann go leor tacaíochta don chumann i gcónaí. Is iad Pól Ó Loideán, Diarmuid Ó Céide, Eibhlín Ní Chéide agus Páraig Seosamh Ó Domhnaill a rinne an ghaisce ar an oíche ar an oíche agus a thug leo an duais don chéad áit. Bhain gach duine sult agus spraoi as an oíche.
An raibh tú ann? Seans maith go bhfuil do phictiúr thíos má bhí…
|
|