NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael

An duais á bronnadh ar Sheán Ó Domhnaill ar son Chomharchumann Mhic Dara.

 

Comhgháirdeachas le Coiste Ghlór na nGael as ucht an éacht mór a déanadh ag deireadh na seachtaine.

Tharla an bhronnadh sa gCarton House, Cill Dara, Dé Sathairn, 25 Feabhra.

D'éirigh leis an gCoiste an dara duais san Rannóg Náisiúnta a bhaint amach agus duais €8,000 a fháil.

Is iontach go deo an ghaisce é seo. Bhí seans maith ar an bpríomhdhuais ag an bhfoireann ó Chonamara ach bhí géaríomaíocht ó cheann ceann na tíre agus faoi dheireadh chuaigh an mhórdhuais €40,000 go Tír Eoghain. Ach b'iontach fós teacht sa dara áit agus fuair togra na Ceathrún Rua ardmholadh ó na moltóirí agus cá bhfuis? An chéad duais i 2012?  

Comhgháirdeachas le Seán Ó Domhnaill, Tomás Mac Con Iomaire, Anna Seoighe, Aodán Mac an Mhíllidh, Sorcha Ní Chéilleachair agus Karen Ní Fhlatharta.

Is mór an onóir don Chomharchumann agus do phobal na Ceathrún Rua an duais seo.

Tomás Mac Con Iomaire, Cathaoirleach Comharchumann Mhic Dara in éineacht le Padraig MacDonncha, Rath Chairn

 

Comhgháirdeachas freisin leis an gCumann Sóisialta, Acadaimh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua a bhain amach duais sa gComórtas Triú Leibhéal, duais de €1000 don Chumann is fearr le níos lú ná 200 baill

Seán Ó Flatharta, Gina Ní Chathasaigh agus Jayne Ní Dhrisceoil ón gCumann Sóisialta.