Abair le do chairde!!
Reáchtálfar Féile an Acadaimh ar champas Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua an tseachtain seo chugainn, 5 – 9 Márta. Ar chuid de bhuaicphointí na seachtaine beidh léiriú an dráma An Toghchán le Tomás Óg Ó Céilleachair, oscailt oifigiúil na féile, oíche cheoil le hAnn Marie agus Martin Joe, níochán carr, roghnú Rós an Acadaimh agus céilí mór.
Le blianta beaga anuas, reáchtáiltí Seachtain na Mac Léinn nó Seachtain na nGiobal ar an gcampas ach de bharr an choisc atá curtha ag údaráis na hollscoile ar an imeacht seo, beidh malairt treo i mbliana ann. Ní hionann sin agus a rá nach mbeidh sé ina phléaráca ag na mic léinn i gcaitheamh na seachtaine agus beidh fáilte agus fiche roimh an bpobal ag na himeachtaí.
Mar is iondúil beifear ag bailiú airgid do charthanacht áitiúil agus is í an charthanacht atá roghnaithe ag na mic léinn i mbliana ná Ionad Chúram Leanaí na Ceathrún Rua agus cá bhfios, nach mbeidh gá acu féin an tIonad breá seo a úsáid i gceann cúpla bliain!
Beidh mic léinn ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus mic léinn ó champas OÉ, Gaillimh thart i gcaitheamh na seachtaine freisin agus iad ar fad ag glacadh páirte sna himeachtaí.
Tá Féile an Acadaimh á reáchtáil ag Oifigeach na Mac Léinn, Jayne Ní Dhrisceoil i gcomhar leis an gCumann Sóisialta agus leis an gcumann Subhóró.
Tuilleadh eolais ó Jayne ar 091595101.