NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Tagann na sluaite go Paráid na Ceathrún Rua

 

Na sluaite bailithe amach chun Paráid dathúil, bríomhar a fheiceáil

(Féach Gailearaí pictiúr. Tá i bhfad nios mó pictiúr ann ná mar atá le feiceáil anseo. Más maith leat an comhartha uisce a bheith bainte ó do phictiúr seol ríomphost chuig an grianghrafadóir le cliceáil anseo)

Tháinig na sluaite ó i bhfad is i gcóngar chun Paráid Lá le Pádraig na Ceathrún Rua a fheiceáil. Níor chuir an bháisteach a bhí ann ag an tús as do mhórán, go háirithe na páistí a bhí feistithe i nglas agus buí nó mar leipreacháin no san iliomad cultacha dathúla.

Thosaigh an Paráid ar Bhóthar a Chillín agus suas Bóthar Buí go dtí Caladh Thadhg sular chas sé ar ais i dteo an bhaile arís. Cuireadh fáilte roimh gach duine ansin taobh amuigh de Halla Éinne, áit a raibh stáitse speisialta le haghaidh ceoil, damhsa agus bronnadh duaiseanna don taispeantas is fearr ar an lá.

Glacadh neart pictiúr agus iad thíos. Níos mó ná sin ach tá i gceist ag ancheathrurua.ie pictiúir ó chuid de na páráideanna le blianta beaga anuas a chur suas chomh maith. 

Bainigí taitneamh astu. 

Foilsithe: Márta 2012