NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Slimathon na Ceathrún Rua

 

€2,931 bailithe do Naíonra Mhic Dara

• Sí Máiréad Mhic Dhonnchadha a bhuaigh an

príomhdhuais don té a chaill an méid is mó meáchain

 

• Comórtas 'tromchúiseach' idir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus Pádraic a’ Táilliúra Ó Conghaile

 

Bhí údar maith ceiliúrtha ag rannpháirtithe Slimathon Mhic Dara Dé hAoine 31 Márta mar ar tháinig an feachtas chun críche agus gur reáchtáladh oíche shóisialta i dTí Sé ar an gCeathrú Rua chun a n-éacht a cheiliúradh.

Bailíodh gar do thrí mhíle euro le linn an fheachtais agus bé príomh ghnó na hoíche na an t-airgead a thabhairt ar láimh do Naíonra Mhic Dara. Úsáidfear an t-airgead le trealamh a cheannach do na gasúir san ionad breá nua atá réitithe agus a mbeidh an Naíonra ag aistriú isteach ann théis na Cásca.

Sí Máiréad Mhic Dhonnchadha a bhuaigh an dearbhán do Dunnes Stores, an duais a bhí ar fáil don té a chaill an méid is mó meáchain agus bhronn an coiste bláthanna ar Caroline Uí Fhlatharta agus ar Shíofra Uí Chonghaile as ucht an chúnaimh uilig a thug siad le linn an Slimathon.

Ach is ar an gcoimhlint idir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh agus fear na ndamhchanna séarachais Pádraic a’ Táilliúra Ó Conghaile a bhí aird an uile dhuine dírithe. Chuir an bheirt geall lena chéile ag tús an fheachtais go gcaithfeadh an té is lú a chaillfeadh meáchain, €50 breise a thabhairt ar láimh don gciste. Socraíodh go nglacfaí meáchain na beirte beo ar an oíche agus go dtabharfaí ar láimh go poiblí an t-airgead. Bhí iomaíocht ghearr i gceist agus deirtear gurb é Trevor a bhí chun cinn i rith an ama – go dtí an oíche chinniúnach. Ní raibh ann ach punt go leith faoi dheireadh ach sé Pádraic a’ Táilliúra a thug leis an svae agus d’fhág Trevor ar a trá fholamh!

Nuair a bhí an €50 úd agus an t-airgead uilig cruinnithe le chéile bhí €2,931.77 sa chiste. Tá coiste Naíonra Mhic Dara buíoch do chuile dhuine a thug cúnamh ar bhealach ar bith don bhfeachtas bailithe airgid seo. Go méadaí Dia bhur stóir.
 

 
 
Máiréad Mhic Dhonnchadha a bhuaigh an an príomhdhuais