NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Athchóiriú an tSéipéil

Mar atá fhios agaibh, tá athraithe agus athchóirithe ar bun ar an taobh istigh de Theach Pobail Mhic Dara.

Tá an Sanctóir réitithe anois agus tá muid ag peainteáil faoi lathair.

Beidh muid ag cur doirse nua agus tíleanna sa halla agus beidh an sacristy agus taobh thiar den sanctóir le críochniú ansin.

Ina dhiaidh sin, beidh na sean suíocháin le plánáil agus sciúradh agus roinnt suiocháin nua le fáil freisin.

Tá ceann do na sean suíocháin déanta cheana mar shampla, in aice leis an gcoinnleoir (ar dheis).

Ar mhaithe le sciar den chostas sin a ghlanadh, bheadh deis ag teaglaigh nó ball den phobal urraíocht a dhéanamh ar shuíochán agus suaitheantas cuimhneacháin a chur ar an suíochán sin, ar chostas €1,000.

Tuilleadh eolais ón Sagart Paróiste:

An tAthair Ciarán de Bláca, Teach an tSagairt, An Cheathrú Rua,

Co na Gaillimhe.
Uimhir gutháin: 091596452

Nó r-phoist: blake.ciaran@gmail.com