Abair le do chairde!!
Tá an Cheathrú Rua suite idir Cuan Chasla agus Cuan an Fhir Mhóir, 40 ciliméadar siar ó chathair na Gaillimhe. Maidir leis an ainm féin, is píosa talún rua nó garbh atá i gceist. Tugtar Paróiste an Chillín ar an áit freisin, mar gheall ar an séipéal nó an teampall atá i mBarr an Doire.
Ba le cósta a bhí cónaí ar na daoine mar gurbh ann a bhí luach saothair le fáil agus an greim a bhí le cur ina mbéal. De réir mar a tógadh na bóithre thosaigh na daoine ag cónaí níos gaire do shráidbhaile na Ceathrún Rua, mar atá aithne anois againn air.
Tá trácht ar thránna áille Iarthar na hÉireann i bhfad is i ngearr, agus ní eisceacht ar bith tránna an cheantair seo. Is iomaí duine ar fud an domhain a bhfuil cuairt tugtha aige/aici ar Thrá an Dóilín/An Trá Choiréalach, trá chomh breá agus a d’fheicfeá i siúl lae. Is féidir dul ag snámh nó ag tumadóireacht san uisce fíorghlan atá thart le cósta anseo, nó dul ag marcaíocht na dtonn má tá an fonn sin ort. Bíonn garda tarrthála ar dualgas i rith an tsamhraidh ann agus tá stádas an bhrait ghoirm ag an trá. Ciallaíonn an focal ‘dóilín’ cuas nó góilín. Tá coiréal, mar a thugtar air, le fáil ar Thrá an Dóilín. Deir na saineolaithe nach coiréal é ar chor ar bith, ach feamainn a dtagann aol aisti, a chruann agus a bhriseann
Is é Teampall Bharr an Doire nó Teampall Inis Mhic Ádhaimh an fothrach is sine i leithinis na Ceathrún Rua. Ceaptar gur tógadh é thart ar an gcúigiú céad déag, mar gheall ar an doras gotach atá air agus an fhuinneog leis an dearadh cuarlíneach. Deirtear gur thóg Naomh Smuchán, a tháinig amach as Árainn, an teampall in aon oíche amháin. Tá na ballaí agus na beanna tógtha as cloch eibhir agus na fuinneoga agus na doirse tógtha as cloch aoil. Is 15.6 méadar ar fhad atá an teampall ó bhinn go binn agus 5 mhéadar ar leithead. Tá Reilig Bharr an Doire le taobh an teampaill, agus deirtear go bhfuil duine ar a laghad as chuile chontae in Éirinn curtha sa reilig
Cnoc an Phobail/Cnoc Uí Fhlathartaigh – thagadh daoine i gcéin is i gcóngar do thionóil ar an gcnoc seo ag amanna éagsúla e.g. Lá an Phátrúin, Oíche Fhéile Sin Seáin. Loch na Naomh – tá sé sa seanchas go raibh buíon fear naofa ag imeacht leo ar a mbealach go hÁrainn, agus tar éis dóibh stopadh sa Sruthán, go ndeachaigh siad suas ar Chnoc an Phobail áit ar ól duine acu deoch uisce as lorg cois bó agus gur mhéadaigh an locháinín ina loch, Loch na Naomh. Bhí scéal ann gur fhág duine de na fir naofa a leabhar beannaithe ina dhiaidh ag an loch, agus go raibh slua chomh mór sin acu ann go raibh siad in ann an teachtaireacht a thabhairt dá chéile go dtí gur chuala an fear deiridh an teachtaireacht agus gur thug sé leis an leabhar a bhí fágtha ag an loch
An Séipéal – sa gCaorán Mór a bhí an chéad séipéal a bhfuil cuimhne ag na daoine air agus teach an tsagairt in aice leis. Sin an fáth a dtugtar Bóithrín an tSagairt ar an mbóithrín atá ag dul suas le hais Chnoc an Phobail. Faoin mbliain 1850, bhí séipéal nua le feiceáil ar an léarscáil ordanáis agus is san áit a bhfuil Scoil Náisiúnta Mhic Dara sa lá atá inniu ann a bhí sé, agus bhí teach an tsagairt ar chúl an tséipéil. Thóg an tAthair Uaitéar Mac Conbhuí teach nua sagairt sa mbliain 1889 agus tógadh séipéal nua, Séipéal Mhic Dara, sa mbliain 1893
Tobar na Croise – soir an bóthar ón séipéal agus os comhair Loch an Mhuilinn an tobar agus an chrois. Cuireadh an chrois ina seasamh i 1934 tar éis don Athair Stiofán Ó Conghaile (Misean Chonnolly) as Árainn misean a thabhairt sa gceantar agus é ag cur in aghaidh dhrochghníomhartha an phoitín, mar ba ghnách leis. Tógadh an chrois le drochghníomh an phoitín a chur i gcuimhne do na daoine
Leic an Phátrúin – tá sí san áit a bhfuil an teach tábhairne, Tigh an Táilliúra, anois. Dhéantaí ceiliúradh ar Naomh Mac Dara ar a Lá Fhéile, 15 Márta mar a bhí sa seanam, cé gur ar 16 Iúil a bhíonn Lá Fhéile Mhic Dara ann na laethanta seo. Bhí an pátrún céanna á cheiliúradh in áiteanna éagsúla – ag Teampall Bharr an Doire, ag Céibh an tSrutháin, ar Chnoc an Phobail, agus sa deireadh ag Leic an Phátrúin. Tháinig deireadh leis an bpátrún sna caogaidí
Céibh an Dóilín nó Céibh na Mine – mar go mbíodh min bhuí á tabhairt i dtír ann. Trá na bPáistí – uaigheanna do pháistí nach raibh baistithe atá in aice láimhe. Cuan an Fhir Mhóir nó Cuan an Inbhir Mhóir - an cuan idir An Cheathrú Rua, siar ón Dóilín, agus Ceantar na nOileán. Cloch Chormaic – carraig mhór a bhí á caitheamh anonn is anall idir bheirt fhathach go brách gur bhris sí ina dá leath, a deirtear. D’fhan píosa ag an Dóilín agus d’fhan an píosa eile i dTír an Fhia
Páirc an Chathánaigh – ainmnithe in ómós Sheáin Uí Chatháin nó John Keane a toghadh ina Chomhairleoir Contae d’Fhianna Fáil sna blianta 1928, 1934, 1942 agus 1945. Toghadh ina Theachta Dála é sa mbliain 1940, an t-aon teachta dála a bhí sa gceantar go dtí seo, cé go bhfuil seanadóir dá gcuid féin againn anois, An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh
An Fhaithche/Demesne/Faithche an Tí Mhóir - áit a raibh an smuigléir, Máirtín Mór Ó Máille, ina chónaí i dteach mór le Richard Martin ag deireadh an 18ú céad. Tá fothrach an tí ann fós ag Ard an Tí Mhóir. Thugtaí na hearraí a bhíodh á smuigleáil isteach ar an Dólainn thíos ag an gcuan. Bhí Na Máille imithe as an áit, isteach go hÁrainn thart ar 1830.
Bhí Scoil Shadhbh Ní Ghaora taobh thiar de tigh Mheait Bheartlaín, i nGleann Shadhbh Ní Ghaora, mar a thugtar air. Bhí léamh agus scríobh ag daoine áirithe e.g. Beartlaín Mhaitiú, agus ceaptar gur mór an seans gur sa scoil scairte seo a fuair sé é. Ní raibh an scoil ar an O.S. 1850 ach bhí ar an O.S. 1890
Léana Fionn/Leann(a) Fionn – thíos in aice le Trá an Dóilín, áit eile a raibh teach mór agus an Tiarna Talún Hartnetty luaite leis. Tá cúpla míniú ar an logainm – ceann amháin, mar atá luaite gur garraí bán a bhí i gceist, agus an ceann eile go mbíodh an siléar lán le leann agus gurb é sin an fáth go dtugtar an t-ainm sin air. Tá sé ráite freisin gurbh ann a bhí an chéad chónaí ar an gCeathrú Rua, agus tá fothracha go leor thart san áit
Taobh amuigh den talmhaíocht agus den iascaireacht, ní mórán eile fiontraíochta ná tionsclaíochta a bhí thart sna bólaí seo go dtí na seachtóidí ar aghaidh. Ar ndóigh, bhí siúinéirí, cúipéirí, fíodóirí, táilliúirí, gaibhne, saoir chloiche, tuíodóirí, carraeirí i chuile bhaile agus iad i mbun a gceirde féin.
Chaith Ida Yates tamall sa gCeathrú Rua ag múineadh do chailíní le lása a dhéanamh, rud a mbíodh meas air ag an am. Ba in aimsir Bhord na gCeantar Cúng faoi dheireadh an 19ú céad a bunaíodh monarcha bheag lása, a raibh ceathrar nó cúigear ag obair ann, ar an suíomh a bhfuil teach an tsagairt ann inniu.
Ba thart ar an am sin a tógadh an mhonarcha chniotála in aice le Loch an Mhuilinn, áit a mbíodh cailíní ag obair, cuid acu a théadh go Meiriceá nuair a bhíodh luach an bhealaigh saothraithe acu.
Tógadh eastát tionsclaíochta ar Bhóthar na Tismeáine sna seachtóidí, áit a raibh suas le sé mhonarcha ag feidhmiú go dtí 8-10 mbliana ó shin. Bhí 300 duine nó mar sin ag obair san eastát tionsclaíochta nuair a bhí Telemara láidir
Turasóireacht – mar gheall ar na tránna breátha glana atá thart orainn, bíonn aghaidh na ndaoine sa treo seo i gcónaí. Bhí agus tá obair á soláthar sa gceantar de bharr tionscail na Gaeilge, agus tarraingíonn an Ghaeilge féin go leor cuairteoirí. Tá na coláistí samhraidh Gaeilge ann a mbíonn daltaí óga agus déagóirí ag freastal orthu, agus tá Áras Mháirtín Uí Chadhain/Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge suite i lár an bhaile freisin, áit a mbíonn mic léinn ag freastal ar chúrsaí léinn agus cúrsaí Gaeilge ar feadh na bliana ar fad. Go deimhin, is ar an gCeathrú Rua a leag Máirtín Ó Cadhain súil ar Mháirín Ní Rudaigh, a bhean chéile, an chéad uair riamh agus í ag fanacht Tigh Chóil an tSapair mar Ghaeilgeoir
Foinsí:
Logainmneacha agus Patrún Lonnaíochta ar an gCeathrú Rua, Eileen Nic Dhonncha
An Cheathrú Rua, Léacht an Oireachtais, Cáit Ní Dhomhnaill
An Cheathrú Rua, Maedhbh M. Nic Dhonnchadha
Seod-Aistí as Conamara, Peadar Neilí Ó Domhnaill
Connemara, Introduction and Gazetter, Tim Robinson
Séipéal Mhic Dara, Athoscailt 24 Deireadh Fómhair 2002
Daonáireamh 1911, Raidió na Gaeltachta