NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Bál an Acadaimh 2012

 
Le Jayne Ní Dhrisceoil

Bhí Bál an Acadaimh ar siúl ar an 18 Aibreán i Óstán an Dóilín. Bhí gach uile dhuine ag tnúth leis an oíche mhór le deireadh maisiúil a chur leis an mbliain acadúil. Tháinig na mic léinn agus an fhoireann le chéile ar a hocht chun béile deas a chaitheamh i dteannta a chéile agus neart cainte a dhéanamh.

Ba iad Louise Ní Dhaibhéid agus Tomás Ó Riada a bhí mar fhear agus bean tí ar an oíche agus rinne siad sárjab.  Bhronn siad duaiseanna eagsúla cosúil le Pearsa an Acadaimh, Pearsa an Ranga, Nerd an Ranga agus tuilleadh nach iad ar na mic léinn agus ar an bhfoireann.

Rinneadh idir gháire agus chaoineadh mar bhí orainn slán a rá leis an gceathrú bliain, an tADCF agus an Dioplóma sa Ghaeilge. Ach bhí oíche iontach againn le ceol ó Anne Marie agus Martin Joe.

Bhí gach duine ag damhsa agus céilúradh le chéile agus caithfidh mé a rá gurbh é buaicphointe na bliana domsa. Táimid ag tnúth cheana féin le Bál na bliana seo chugainn.

(Tá rogha pictiúr ón ócáid thíós agus tuilleadh le feiceáil má chliceáltar gailearai anseo.)

Dave Kearney agus Bee Ní Choitir
Dara Ó Cualáin, Louise NÍ Dhaibhéid, Úna NÍ Charthaigh, Éadaoin NÍ Mocóir
Cory Ó Brollacháin agus Aoife Whitty

Foilsithe: Aibreán 2012