Abair le do chairde!!
Tá sraith nua ag an Irish Times maidir leis an áit is fearr le cónaí ann in Éirinn. An Luan seo (14 Bealtaine) d'fhoilsigh an nuachtán alt scrófa ag Áine Uí Ghiollagáin ag míniú cén fáth gurb é An Cheathrú Rua an áit is deise ann.
Seo an t-alt ina iomláine…
Ba mhaith liom labhairt libh faoin áit ina bhfuil mé i mo chónaí le beagnach seacht mbliana anuas, An Cheathrú Rua. Deirtear go bhfuil go leor áiteacha sa tír seo go hálainn, ach tá sé fíor sa gcás seo go cinnte. Tá an Cheathrú Rua lonnaithe ar leathinis: ó dheas tá na hoileáin Árann; ó thuaidh tá na cnoic; siar uainn tá Leitir Móir, Camus, Ros Muc agus Conamara thiar, agus soir uainn tá cathair na Gaillimhe. Nuair a bhíonn dea-aimsir againn, níl aon áit níos deise ar domhan ná é.
Bíonn daoine ag baint lán na súl as na radharcanna ach tá an cultúr sa gceantar seo níos spéisiúla fós. Tá an Ghaeilge á labhairt ag cuid mhór den phobal agus tá an cultúr traidisiúnta fós á chleachtadh sa gceantar, húicéirí agus iascaireacht san áireamh. Bhí an-spéis agam féin, bean as Florida ann, nuair a thuig mé go raibh teanga agus cultúr beoga ann, agus go raibh fáilte romham páirt a ghlacadh sa chultúr agus sa phobal.
Cé go bhfuil an eacnamaíocht faoi bhrú sa gceantar seo (mar atá i gceantair tuaithe ar fud na tíre), tá muintir na háite tar éis comharchumann nua a chur ar bun le díriú ar dhul chun cinn an cheantair agus an phobail. Leis an suíomh idirlín nua, ancheathrurua.ie, tugtar tacaíocht do ghnólachtaí áitiúla agus do thurasóirí chomh maith le heolas a chur ar fáil don phobal féin.
Tá go leor fostaíochta sa gceantar go fóill, in ainneoin an cúlú sa ngeilleagar, in earnáil an oideachais agus na meán ach go háirithe. Tá Raidió na Gaeltachta sa gceantar, agus níl TG4 i bhfad uainn ach an oiread. Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge lonnaithe i sráidbhaile na Ceathrún Rua, timpeall an choirnéil ón Scoil Chuimsitheach. Tá bunscoileanna go leor ann, agus téann m’iníon ag Scoil Náisiúnta Leitir Mucú i gCinn Mhara, Camus: tá rogha fairsing anseo chun oideachas cuí a fháil.
B’fhéidir nach féidir dul siar mórán níos faide sa tír seo ná ceantar na Ceathrún Rua, ach cén dochar a chairde: níl Baile Átha Cliath ach dhá uair an chloig ó chathair na Gaillimhe. Níl muid chomh fada sin i gcéin. Tá dúshláin roimh an bpobal seo cinnte, an éagsúlacht agus na buanna eile iontacha a bhaineann leis an bpobal a choinneáil, ag an am céanna agus iad ag dul i ngleic leis an mbrú eanamaíochta agus cultúrtha atá ag láidriú lá i ndiaidh lae orthu. Is seod í an Cheathrú Rua, ní hamháin i ngeall ar an teanga, an cultúr, áilleacht an cheantair agus na staire, ach i ngeall ar an bpobal: idir shean agus óg, idir mhuintir na háite leis na glúnta agus le cúpla bliain – fiú Yanks san áireamh tá súil agam. Ar scáth a chéile a thiocfaidh an dul chun cinn.