Abair le do chairde!!
Tá CLG An Cheathrú Rua ag eagrú imeachtaí chun tacú le foirne sinsir agus sóisir an chlub atá ag dul go Gaoth Dobhair do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2012.
Mar chuid de na hiarrachtaí bailiúcháin airgid tá Coiste Peil na mBan, An Cheathrú Rua ag reáchtáil Tráth na gCeist, Déardaoin 17 Bealtaine ag a 9i.n Tí an Táilliúra. Ceathrar ag gach bord ar chostas €20 an bord.
Beidh Comórtas Gailf AM ar siúl Déardaoin 24, Aoine 25, Satharn 26 agus Domhnach 27 Bealtaine ar Ghalf Chúrsa Oileáin Chonamara. Foirne triúr atá i gceist, le dhá scór le comhaireamh. Táille de €15 an duine do bhaill, €20 ar Chuairteoirí agus €4 re-entry.
Urraíocht T Bhoscaí agus Plásóga - €100, €50 agus €25. Fáilte roimh aon chineál sintiús. Praghsanna Fiúntacha.