NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Gaoth Dobhair, 2012

Rinne slua mór ón gCeathrú Rua a mbealach suas go dtí Comórtas Peile na Gaeltachta i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo caite chun tacaíocht a thabhairt dá gcuid foirne soisear agus sinsir agus a gCailín Gaelach Lisa Ni Thaibhís.

Bhí bua maith ag an foireann soisear ar Cill tSéadhna leis an scór 3-09 in aghaidh 0-07

Scóráilithe:
Ceathrú Rua:
Pádraig Ó Flatharta 1-2 Bréandán Ó Loideáin 0-1 Maitiú Ó Domhnaill 1-0 Aonghas Mac Donncha 1-2 Conall Ó Máille 0-1, Pádraig de Paor 0-3

Cill tSéadhna:
Stiofán Ó Gallchóir 0-2, Barra Mac Aindriú 0-2, Mícheál Ó Dúisigh 0-1, Kyle Mac Thomáis 0-1, Alan Ó Ciardha 0-1

Sinsir
An Daingean 2-13 An Cheathrú Rua 2-9

Sa chéad leath, bhí An Daingean láidir le cuidiú na gaoithe. Cuireadh neart seanseanna amú. Bhí seans ag Peadar Ó Conghaile ar chúl don Cheathrú Rua ach chuir sé ar foraíl é. Chuir An Cheathrú Rua 7 n-iarracht ar foraíl agus 5 iarracht ar foraíl ag an Daingean.

Ag tús an dara leath bhí 10 noiméad gan scór. D’aimsigh Niall Ó Briain dhá chúl agus bhí An Cheathrú Rua chun tosaigh. Ach fuair An Daingean tréimhse maith ansin agus lár na páirce in uachtar. Fuair Colm B Ó Muircheartaigh cúl. Chuir pointe ó Phól Ó Dubháin an Daingean chun tosaigh ach chothromaigh Cillian De Paor an scór le pointe roimh an deireadh.

In am breise sa chluiche cruaidh seo fuair Dáithí Ó Géibheannaigh an cúl cinniúna don Daingean. Liathróid ard isteach sa bhosca ó chic saor ach thit sí as lámha an chúl báire na Ceathrúin Ruaidh Tomás Ó hAilín agus ghlac Dáithí an deis ar chúl. Bua sa deireadh ag An Daingean.

Ar An Domhnach d'imir an foireann soisir foireann Naomh Naille sa gcluiche leath cheannais. Chaill siad le scór de 0-09 in aghaidh 2-11.

Fuair Lisa Ní Thaibhís fáilte breá nuair a thóig sí an stáitse ar oiche an Chailín Gaelach, agus ba chúis bróid í do mhuintir An Cheathrú Rua. Léigh sí dán a chum Tomás Rua Mac Con Iomaire ar an oiche. Ba í an Cailín Gaelach aitiúl a bhua.