Abair le do chairde!!
Cód: GA 201
Teideal: Ríomhaireacht agus an Dioplóma sa Ghaeilge
Tréimhse: 6 mhí (mí taithí oibre san áireamh)
Líon áit: 20
Pas i scrúdú ardleibhéil Gaeilge na hArdteistiméireachta agus / nó caighdeán réasúnta maith bainte amach i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus caighdeán a shásaíonn na critéir atá socraithe ag Stiúrthóir Acadúil an Chúrsa. í mór do gach iarrthóir Triail Socrúcháin Teanga a sheasamh.
Baba S Uí Loingsigh,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Fón: 00 353 91 595101 / 595038
Facs: 00 353 91 595041
R-phost: baba.uiloingsigh@oegaillimh.ie
Cuirfear béim ar leith ar chruinnscríobh na Gaeilge agus beidh bunús na gramadaí mar dhlúthchuid den chúrsa seo. Beidh béim chomh maith ar chumas labhartha Gaeilge an mhic léinn. Bronnfar Dioplóma sa Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar chríoch an chúrsa.
Tabharfar eolas cuimsitheach faoi ghnéithe ar leith den ríomhaireacht ina measc:
Cuirfear deis ar fáil don mhac léinn chun scileanna clóscríbhneoireachta a fhoghlaim agus a threisiú. Cuirfear béim faoi leith ar luas cruinn clóscríbhneoireachta Gaeilge an mhic léinn.
Beidh taithí oibre míosa i gcuideachta ghairmiúil sa Ghaeltacht mar chuid lárnach den chúrsa agus beidh an taithí oibre seo le comhlíonadh ag gach mac léinn. Beidh deis ag an mac léinn na scileanna atá sealbhaithe le linn an chúrsa a chleachtadh agus a thabhairt chun foirfeachta.