Abair le do chairde!!
'B’álainn mar a rinne Pól (thuas) cur síos ar gach a raibh san iris, idir ailt agus phictiúir' |
Bhí slua deas i láthair in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge nuair a sheol Pól Mac Donncha, Raidió na Gaeltachta Cillín – Iris na Ceathrún Rua ar an Oíche Chultúir, 21 Meán Fómhair 2012. B’álainn mar a rinne Pól cur síos ar gach a raibh san iris, idir ailt agus phictiúir. (Tá Cillín ar díol sna siopaí áitiúla, agus an-tóir uirthi). Lean an oíche ar aghaidh le céilí, agus grúpa ceoltóirí breátha tagtha i láthair le tionlacan a thabhairt do na damhsóirí a bhí ag baint torainn as an urlár lena gcuid céimeanna agus a gcuid luascadh! Ar ndóigh, bhí amhráin ar an sean-nós ann agus éagsúlacht amhránaithe agus amhrán le cloisteáil ag gach a raibh i láthair. Is iad Coiste Oidhreachta na Ceathrún Rua a d’eagraigh an ócáid, agus tá siad an-bhuíoch de chuile dhuine a bhí rannpháirteach. Tá siad ar aon intinn faoi aon rud amháin: nár cheart an céilí a ligean i léig, mar go bhfuil an-spraoi, ardú croí agus aclaíocht ag baint leis! |