Abair le do chairde!!
Fáilte go dtí ancheathrurua.ie. Is suíomh nua dátheangach idirlín muid a chuireann eolas agus nuacht ar fáil faoi imeachtaí agus faoi sheirbhísí sa bpobal. Is féidir cliceáil ar nasc thuas chun leagan Gaeilge nó Béarla den ábhar a léamh.
Déanfar an suíomh seo a fhorbairt go leanúnach. Cé nach bhfuil muid ach ina thús, tá súil againn cur leis de réir a chéile. Thar aon ní eile ba mhaith linn go mbeadh an suíomh seo idirghníomhach. Is féidir leatsa páirt thábhachtach a ghlacadh san fhorbairt seo chomh maith trí eolas a chur ar fáil dúinn nó aiseolas a thabhairt maidir leis an suíomh féin. Bí linn!
Cuirfear an t-eolas ar fáil, ní amháin i dtéacs, ach le pictiúir agus físeáin chomh maith. Léigh faoinár gcuid féilte ach féach orthu chomh maith! Sa rannóg staire anseo beidh taispeántais sleamhnáin in éineacht le hailt den scoth ar shaol agus ar stair na ndaoine.
B'fhéidir go raibh tú ar an gCeathrú Rua cheana nó b'fhéidir go bhfuil sé i gceist agat cuairt a thabhairt uirthi. Nó b'fhéidir gur trí thimpiste a tháinig tú ar an suíomh seo! Cá háit a bhfuil An Cheathrú Rua agus cé hiad na daoine a chónaíonn ann? Tabharfaidh na hailt eile ar an suíomh seo freagraí níos iomláine ar na ceisteanna sin ach mar thús, is leithinis í An Cheathrú Rua agus an ceantar máguaird i ndeisceart Chonamara, thart ar 40 ciliméadar (25 míle) siar ó chathair na Gaillimhe. Tugann Cuan na Gaillimhe ó dheas agus Cuan Chasla agus Cuan an Fhir Mhóir, thoir agus thiar, foscadh don réigúin ó neart an Atlantaigh.
Is tú ar an gCeathrú Rua tá tú i gceann de na ceantair is áille in Éirinn. Ceantar ina bhfuil bóithre beaga ag síneadh amach ón mbaile thar chlaíocha clochacha agus garraithe bídeacha go gcríochnaíonn siad ag trá nó cladach álainn. De réir mar a thógtar an suíomh seo tá súil againn níos mó agus níos mó de na seoda seo a thaispeáint duit, ina measc Trá an Dóilín, trá cháiliúil a bhfuil bratach ghorm aici agus na radharcanna fairsinge amach ar an gcuan agus tú ag siúl timpeall Chuileáin.
Beidh rogha maith agat ar an gCeathrú Rua agus tá súil againn go gcuideoidh ancheathrurua.ie leat do rogha a dhéanamh.