Abair le do chairde!!
Siúlóid 1Tosaigh sa sráidbhaile agus lean ort siar go dtí crosbhóthar na Ronna; lean bóthar na Ronna agus cas ar chlé ag an dara bóithrín, go cladach. Cas soir le cladach go dtí bóthar na Tismeána, téigh suas bóthar na Tismeána agus cas soir bóthar an Diméin. Cas suas bóthar an Chillín agus téigh ó thuaidh chuig an Sráidbhaile. Caithfear a bheith cúramach ag siúl le cladach agus mura bhfuil duine in éineacht leat tabhair leat fón póca ar fhaitíos timpiste. 8.6 km |
|
Siúlóid 2Tosaigh sa sráidbhaile agus siúl suas bóthar Dhoire Fheárta agus tóg an chéad chasadh ar chlé i dtreo an Óstáin. Lean ort an bóthar seo timpeall Chuileáin anuas chuig an sráidbhaile arís. Cas ar dheis i dtreo Chaladh Thaidhg agus cas ar chlé go dtí an Bóthar Buí. Cas ar chlé soir agus siúl leat go mbeidh tú ar ais ar an sráidbhaile arís. 6.1 km |
|
Siúlóid 3Tosaigh sa sráidbhaile agus cas síos Bóthar an Chillín go dtiocfaidh tú chuig Bóithrín an tSagairt, an chéad chasadh ar chlé. Lean ort soir agus siúl tríd an gCaorán Mór an Gleann Mór go dtiocfaidh tú chomh fada le céibh an tSrutháin. Ansin cas siar ar an bpríomhbhóthar isteach chuig an gCeathrú Rua. Beidh tú ar ais sa sráidbhaile arís. Ní hí seo an tsiúlóid is feiliúnaí do ghasúir mar nach bhfuil aon chosán ar an bpríomhbhóthar. 5.9km. |
|
Siúlóid 4Siúl siar an bealach ar fad go dtí Trá an Dóilín agus lean ort ó thuaidh le Cladach go dtiocfaidh tú chuig Céibh an Dóilín, lean an bóithrín soir agus tiocfaidh tú ar ais sa tsráidbhaile. Bí cúramach le Cladach agus má bhíonn tú leat féin bíodh d’fhón póca agat. 6km |
|
Siúlóid 5Tosaigh sa sráidbhaile Sráidbhaile agus téigh síos Bóthar an Chillín thar an scoil agus tóg an chéad chasadh ar chlé suas Bóithrín an tSagairt. Lean ort díreach agus coinnigh ar chlé i dtosach agus ansin ar dheis ag dul i dtreo Thrá an Chaoráin Mhóir agus ansin téigh ó dheas le cladach ag siúl thar thrá Bharr a’ Doire, Trá an Chaoráin Bhig agus lean ort go dtí Céibh an Phoinnte. Tar aníos ansin ar an mbóthar agus siúil ar ais chuig an Sráidbhaile. Caithfear a bheith cúramach ag siúl le cladach agus mura bhfuil duine in éineacht leat bíodh d’fhón póca leat ar fhaitíos timpiste. |
|
Bealaí Rothaíochta 1, 1b agus 1c |
|
1. An Cheathrú Rua – Leitir Mealláin agus ar ais 44km; 1a An Cheathrú Rua – Cnoc 1b An Cheathrú Rua – Tír an Fhia |
|
Bealach Rothaíochta 2 |
|
2. An Cheathrú Rua – Muicineach – Leitir Mucú – Doire an Fhia – an Cheathrú Rua - 27km | |
Bealach Rothaíochta 3 |
|
3. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Camas – Rosmuc agus ar ais 57km | |
Bealach Rothaíochta 4 |
|
4. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Na Doireadha – Baile na h-Abhann – Ros a Mhíl – Doire an Fhia – An Cheathrú Rua 30km | |
Bealach Rothaíochta 5 |
|
5. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Camas – Scríob – Crosbhóthar an Mháma ( Maam Cross) – An Mám 64km | |
Bealaí Rothaíochta - 6 |
|
6. An Cheathrú Rua – Doire an Fhia – Na Doireadha – Gleann ‘ch Muireann – Seanach Féistin – Uachtar Ard – Cros Bhóthar an Mháma (Maam Cross) – Scríob – Doire an Fhia – An Cheathrú Rua 73km. Tá uimhir a 6 thar a bheith crua agus ní mholtar an bealach seo ach do Rothaithe fíor aclaí. |