NUACHT
Na scéalta agus imeachtaí
is deireanaí
GNÍOMHAÍOCHT
Rudaí le déanamh
amuigh is istigh
SPÓRT
Imeachtaí, cluichí agus comórtais
STAIR
Na heachtraí a
d'fhág a lorg
CÚRSAÍ OIDEACHAIS
Ionaid scolaíochta na dtrí leabhéal sa bhaile
ÓCÁIDÍ
Féilte agus
Tionóil

Fógraí

Comharchumann Mhic Dara
An Crompán
An Seid - Cumann na bFhear
Nuachtlitir
Leabharlann na Ceathrún Rua
EveryTrail

Bronnadh teastas

Teastais á mbronnadh sa leabharlann ag Méara na Gaillimhe

Sa phictiúr: Méara na Gaillimhe, Michael Maher, leis na páistí ar bronnadh teastais Dúshlán Léitheoireachta an tSamhraidh orthu, i Leabharlann na Ceathrún Rua, Dé Céadaoin (12 DF).

Bhronn Méara na Gaillimhe, Micheal Maher, teastais ar cheithre scór páiste as scoileanna na Ceathrún Rua, ceantar Chois Fharraige, Ros Muc agus Leitir Mealláin as ucht Dúshlán Léitheoireachta an tSamhraidh a bhaint amach, Dé Céadaoin, 12 Deireadh Fómhair i Leabharlann na Ceathrún Rua. 

Sula ndearnadh an bronnadh, bhí sorcas beag ann do na páistí a bhí  faoi bhun a haon go dtí 13 bliain d’aois agus a ghlac leis an dúshlán, rud a bhí feiliúnach mar ba é téama an dúshláin ná “Réalta Sorcais”. Eagraítear an dúshlán seo gach bliain i leabharlanna ar fud na tíre.  

“Chuaigh muid chuig na scoileanna roimh thús an tsamhraidh agus thug muid an dúshlán do na gasúir sé leabhar a léamh i rith an tsamhraidh,” a dúirt Mairéad Ní Chatháin, leabharlannaí na Ceathrún Rua.  “Nuair a bhí sin déanta acu bhí orthu tuairisc bheag a scríobh mar gheall ar na leabhair sin agus a thabhairt dúinn sa leabharlann.”

Cé go raibh sé dírithe ar an léitheoireacht seachas ar aon teanga bhí iontas ar Mhairéad an méid leabhar Gaeilge a tógadh amach. “Bhí go leor leabhar ar iasacht maidir le zúnna agus ainmhithe.” Bíonn na múinteoirí sásta le caighdeán léitheoireachta na bpáistí nuair a fhilleann siad ar scoil mar go mbíonn “cleachtadh” na léitheoireachta acu a deir Mairéad. Tá leabharlann na Ceathrún Rua páirteach sa togra seo ó osclaíodh í deich mbliana ó shin.

Le linn a óráide mhol Méara na Gaillimhe saothar na bpáistí agus dúirt gur rud ríthábhachtach é a bheith ag léamh. Ní amháin gur spreagadh na páistí chun léitheoireachta  ach tarraingíodh na tuismitheoirí isteach sa scéal agus ba mhór an buntáiste é sin chomh maith.

Bhí  Clár Críochnú Scoile Chonamara Thiar Theas páirteach sa togra chomh maith agus d’eagraigh siad ranganna léitheoireachta sna leabharlanna i rith an tsamhraidh.  Thug siad mála sóláistí do gach páiste ag an mbronnadh.

Ag an ócáid bhí Pádraig Mac Mathúna, Leabharlannaí Chontae na Gaillimhe agus feidhmeannach sinsearach leabharlanna na Gaillimhe, Peadar Ó Coineen.                                       

Rinneadh bronnadh speisialta ar Pheige Uí Mhocháin ó Thír an Fhia as  an tseirbhís a thug sí i leabharlann na Ceathrún Rua sula ndeachaigh sí ar scor. Ba é Danny Wallace a rinne an bronnadh.

Sna pictiúir ar an leathanach seo tá an Méara le cuid de na páistí ar bronnadh teastas orthu, chomh maith le cailín amháin a chuir uirthi slabhra óir an Mhéara, slabhra ar fiú €50,000 air. Thíos: baintear geit as na páistí le linn an tSorcais.

Féach sa Ghailearaí ar an suíomh seo chun tuilleadh pictiúr ón ócáid a fheiceáil.